Tá sé beartaithe ag an Rialtas na costais arda árachais (insurance) do charranna a ghearradh dóibh siúd a thiomáineann níos lú – níl sé ráite acu, áfach, cathain a dhéanfaidh siad é.
Chuideodh an togra (proposal) leis na céadta míle duine nach n-úsáideann na gluaisteáin ach amháin nuair is gá.
Chiallódh sé go n-íocfadh daoine a bhfuil cónaí orthu sna cathracha agus sna bailte i bhfad níos lú as a gcarr má úsáideann siad busanna agus traenacha freisin.
Agus ní bheadh daoine a bhfuil cónaí orthu faoin tuath agus sna sráidbhailte ag íoc as costais árachais arda má tá carr acu le haghaidh taistil riachtanach.
Oibríonn an córas áracgais seo go maith cheana féin sna Stáit Aontaithe agus sa Bhreatain áit a bhfuil sé ina chóras chun an timpeallacht a shábháil ach ag tacú le gnáthdhaoine seachas iad a phionósú.
Ní thugtar le fios, áfach, cathain a thabharfaí an córas seo isteach.
Níl ráite ag an Rialtas ach go n-oibreoidh siad le soláthraithe árachais (insurance providers) ‘chun bealaí a aimsiú chun tiománaithe a spreagadh chun a míleáiste (mileage) a laghdú agus árachas níos inacmhainne (affordable) a fháil’.
Agus tá an tsamhail ‘íoc mar a úsáidtear’ molta ag Paul Walsh, Príomhfheidhmeannach Peopl Insurance.
Dúirt sé: ‘Dreasaíonn (incentivises) sé sin daoine ar mhíleáiste an-íseal chun é a choinneáil íseal.
‘Mo mháthair mar shampla; suíonn an carr taobh amuigh cúig lá na seachtaine, agus úsáidtear é ag an deireadh seachtaine chun dul chuig an Aifreann. Sin é an cás i sráidbhailte ach go háirithe.’
Dúirt sé go n-oibreodh sé sin do ‘thiománaithe uirbeacha (urban)’ a dhéanann níos lú ná 5,000km in aghaidh na bliana trí úsáid a bhaint as iompar poiblí nuair is féidir leo.
Feidhmíonn an córas árachais trí úsáid a bhaint as ‘bosca teileamaitice (telematic box)’, a léiríonn cé mhéad ciliméadar atá tiomáinte ag carr.
Dúirt sé freisin go mbeadh árachóirí (insurers) in ann a gcuid samhlacha árachais a dhéanamh níos solúbtha.
Dúirt sé gur cosúil go bhfuil an Rialtas ag iarraidh daoine a bhogadh i dtreo úsáid míleáiste níos ísle.
Tá an Rialtas ag ullmhú freisin chun athbhreithniú a dhéanamh ar na dreasachtaí (incentives) atá ann faoi láthair a spreagann ‘úsáideoirí gluaisteán i ngéibheann (captive car users)’ gluaisteáin leictreacha a cheannach.
Is éard is úsáideoirí gluaisteán i ngéibheann ann ná daoine a bhíonn ag brath ar a gcarr mar gheall ar cheisteanna mar easpa iompair phoiblí sa cheantar, míchumas fisiceach nó riachtanais fhostaíochta (job requirement).
Deir tiománaí as gach cúigear gur ‘úsáideoirí gluaisteán i ngéibheann’ iad, de réir suirbhé a rinne an tÚdarás Náisiúnta Iompair (National Transport Authority) le déanaí.
Tá na moltaí mar chuid de phlean níos leithne an Rialtais maidir le hiompar agus dúirt an tAire Iompair Eamon Ryan: ‘Is éard atá i gceist leis seo ná daoine, seachas gluaisteáin, a chur i gceartlár ár bpleanála uirbeach agus iompair.
‘Ní chiallaíonn sé seo nach mbeidh gluaisteáin ina gcuid ríthábhachtach dár meascán iompair i gcónaí – do go leor daoine, go háirithe i gceantair thuaithe nó iargúlta, leanfaidh siad de bheith ríthábhachtach.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.