Bean a fuair bás nuair a rolladh carr uirthi ainmnithe

17/04/2024

Creidtear go raibh an bhean a fuair bás sa ‘timpiste aisteach’ in eastát tithíochta i Loch Garman ag seachadadh uibheacha chuig cara

Tá bean ó Loch Garman a fuarthas marbh faoina carr i ‘thimpiste aisteach’ ainmnithe mar Margaret O’Connor.

Bhí Ms O’Connor, a bhí 54 bliain d’aois, ag glaoch chuig cara agus iar-chomharsa nuair a bhuaileadh í agus bhí sí sáinnithe faoina carr.

Tuigtear go raibh na heochracha (keys) ag adhaint (ignition) an chairr agus tuairiscítear go bhfuil gardaí ag ceapadh gur rolladh an carr ar ais agus thar an mbean
Tuigtear go raibh na heochracha (keys) ag adhaint (ignition) an chairr agus tuairiscítear go bhfuil gardaí ag ceapadh gur rolladh an carr ar ais agus thar an mbean

Bhí cónaí ar Ms O’Connor i mBéal Átha hÓg ach thángthas ar a corp gafa faoina carr, idir dhá chabhsán (driveways) ag Páirc an Mhuilinn i nDroichead an Chaisleáin.

Ba iar-chónaitheoir í Ms O’Connor ar eastát Pháirc an Mhuilinn agus creideann na Gardaí go raibh sí ag dul ar cuairt sóisialta, ag tabhairt uibheacha chuig cara, nuair a tharla an tragóid.

‘Is aisteach an rud é,’ a dúirt foinse na ngardaí. ‘Tá sé deacair fios a bheith agat conas a tháinig an carr chun rolladh idir an dá chabhsán.’

Tuigtear go raibh na heochracha (keys) ag adhaint (ignition) an chairr agus tuairiscítear go bhfuil gardaí ag ceapadh gur rolladh an carr ar ais agus thar an mbean a bhí gafa faoi sa tragóid. 

Tuigtear gur  chuir comharsana fios ar na seirbhísí éigeandála go tapa agus d’fhreastail Gardaí ar an láthair.

Séalaíodh an t-eastát tithíochta agus chuir Gardaí puball timpeall an chabhsa (driveway) agus muintir na háite ag féachaint air. 

Glaodh otharcharr chuig an láthair ach fuarthas amach go tapa go raibh an bhean marbh. 

Dheimhnigh foinse de chuid na nGardaí go bhfuil siad ag déileáil leis an gcás mar ‘thimpiste thragóideach’ agus ‘nach bhfuil amhras faoi aon rud amhrasach faoi láthair’. 

Bhí foireann fhóiréinseach (forensic) an Gharda i mbun scrúdú iomlán ar an láthair tráthnóna Dé Máirt. 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram