Leithscéal gafa ag Angela Scanlon as ‘clip’ di ag crochadh amach as carr

26/09/2023

Tá gearán déanta le póilíní sa Bhreatain faoin bhfíseán de Angela, atá ag déanamh go maith ar Strictly

Cáineadh réalta Strictly Come Dancing, Angela Scanlon, as físeán inar chroch sí amach as fuinneog ar charr.

Tá an craoltóir as Co na Mí tuairiscithe do na póilíní i ndiaidh na heachtra, tar éis don lucht féachana a rá go raibh sé contúirteach (dangerous).

Sa ghearrthóg (clip) ar na meáin shóisialta, atá scriosta anois, tá an láithreoir, atá 39 bliain d’aois, le feiceáil ina shuí i gcúl an chairr agus á scannánú ag duine éigin sa tosach agus an carr ag bogadh.

Is féidir an t-iar-óstach Ask Me Anything a fheiceáil ag claonadh a corp amach as an gcarr sa ghearrthóg.

Tuairiscíodh Scanlon do na póilíní tar éis don ghearrthóg a bheith le feiceáil ar líne.

Mar sin féin, dúirt Angela leis an nuachtán an Sun: ‘Rinne mé an cinneadh mícheart nuair a rinne mé an físeán seo a scannánú. Bhí mé ag teacht ó cleachtaí agus bhí mé giddy le sceitimíní (excitement).

‘Ní leithscéal é sin, mar bhí an rud a rinne mé dúr agus tá brón orm gur lig mé do mo sceitimíní an ceann is fearr a fháil ar mo bhreithiúnas.’

Dúirt foinse freisin: ‘Shíl Angela go raibh sí ag spraoi, agus ag déanamh rud spraoiúil agus í ar Strictly.

‘Ach tá sé thar a bheith contúirteach a bheith ag crochadh amach as carr atá ag gluaiseacht agus ba cheart go mbeadh sé sin ar fhios aici.

Angela Scanlon
Angela Scanlon

‘Ní bheidh a háit ar Strictly i mbaol ach tabharfar foláireamh di faoina hiompar amach anseo.’

Tá ag éirí go maith le Angela ar Strictly in éineacht lena páirtí gairmiúil Carlos Gu.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram