Tá roinnt postálacha ar líne ‘as Gaeilge’ i measc níos mó ná 100 fógrán camscéimeanna (scam ads) faoin láithreoir Bláthnaid Ní Chofaigh
Tá camscéimeanna (scams) i nGaeilge faoin láithreoir teilifíse Bláthnaid Ní Chofaigh feiceálach (prominent) ar na meáin shóisialta, dar le ‘Fact Check’ ón suíomh nuachta The Journal.
Úsáideann an suíomh Gréasáin nuachta sin ‘Fact Check’ chun cruinneas scéalta atá feiceálach sna meáin nó ar líne a sheiceáil.
Agus thuairiscigh sé go bhfuil breis agus céad cás de ffógrán camscéimeanna (scam ads) le Ní Chofaigh le feiceáil ar na meáin shóisialta le déanaí, lena n-áirítear ar a laghad ocht gcinn atá scríofa i nGaeilge.
‘Bhí Éire ar fad faoi bhrón le nuacht an lae inné,’ a deir post amháin. ‘Slán a fhágáil ag Bláthnaid Ní Chofaigh leis an ngnáthshaol.’
Ní hí Bláthnaid an t-aon duine cháiliúil Éireannach atá ainmnithe i bhfógraí mar seo.
Deir siad go ndearnadh náire phoiblí ar dhuine cáiliúil nó ar pholaiteoir, gur gabhadh, go príosúnach nó gur ionsaíodh é.
Spreagann an post léitheoirí chun cliceáil ar aghaidh chuig suíomh gréasáin ina mbíonn níos mó scéalta bréagacha faoin duine cáiliúil céanna.
Cuireann na scéalta iarracht ar léitheoirí airgead a chaitheamh chun clárú le scéim bhréige le hairgead a thuilleamh (earn) go héasca.
Bhí na polaiteoirí Leo Varadkar, Micheál Martin agus Enda Kenny, chomh maith le láithreoirí teilifíse ar nós Anne Doyle agus Ryan Tubridy le feiceáil ar fhógraí den chineál seo roimhe seo.
Tá sé ráite ag Micheál Martin cheana féin go bhfuil ‘oibleagáid ar leas an phobail’ aige fáil amach cé atá taobh thiar d’fhógraí bréige faoi ar líne.
Dúirt sé gur féidir leis an bpobal a bheith meallta (deceived) ag na fógraí, agus gurb é sin an fáth gur shocraigh sé seasamh in aghaidh na mbréagadóirí ar líne.
Dúirt Martin, an Tánaiste agus ceannaire Fhianna Fáil: ‘Ní mór dúinn fios a bheith againn cé atá taobh thiar de seo, agus cén fáth a bhfuil an t-ioncam á ghlacadh ag cuideachtaí meán sóisialta.
‘Is fógraí clúmhillteach (defamatory) iad seo agus atá bréagach.
‘Mar sin, is dóigh liom go bhfuil dualgas orm ar mhaithe le leas an phobail iarracht a dhéanamh é seo a leanúint chomh fada agus is féidir liom.’
An bhliain seo caite, bhí ar Martin Google a thabhairt chun na cúirte le bheith in ann a aithint cé a bhí taobh thiar de shraith fógraí ar líne a d’úsáid a íomháineachas (image) chun an Tánaiste a nascadh le criptea-airgeadra (crypto currency).
D’eisigh an Ard-Chúirt ordú cúirte chun iallach a chur ar an gcuideachta ilnáisiúnta faisnéis faoi na fógraí a thabhairt ar láimh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.