Ní bheidh ionchúisimh in aghaidh an garda a lámhaigh George Nkencho, breis agus trí bliana ó shin, a deir an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (Director of Public Prosecutions, DPP).
Tá sé ráite ag teaghlach an Uasail Nkencho, áfach, go ndéanfaidh siad achomharc i gcoinne chinneadh an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, dar leis an Irish Independent.
Bhásaigh an tUasal Nkencho, a bhí 27 bliain d’aois, lasmuigh dá theach i gCluain Aodha (Clonee), Contae na Mí, i mí na Nollag 2020, tar éis dó a bheith lámhaigh ag baill d’aonad tacaíochta armtha an Gharda Síochána.
Líomhnaítear go raibh sé ag beartú (brandishing) scian ag an am.
Rinne Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána (Garda Síochána Ombudsman Commission, GSOC) imscrúdú ar bhás an Uasail Nkencho, a bhí ag fulaingt de bharr saincheisteanna meabhairshláinte.
Tugadh an t-imscrúdú chun críche i mí an Mheithimh 2023 agus chuir an GSOC comhad faoi bhráid an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (DPP).
Dúirt Ombudsman an Gharda Dé Céadaoin gur chuir an DPP a chinneadh gan ionchúiseamh a ordú sa chás in iúl dó.
Dúirt an GSOC go bhfuil fógra tugtha aige do pháirtithe leasmhara sa chás, lena n-áirítear teaghlach Nkencho agus na baill den Gharda a bhí i gceist.
Dúirt an GSOC gur thug siad fógra do theaghlach Nkencho faoina dteidlíocht (entitlement) faoin Acht um Cheartas Coiriúil ar achoimre (summary) ar chúiseanna ón DPP, lena chinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh, chomh maith lena dteidlíocht reachtúil athbhreithniú (review) a iarraidh ar an gcinneadh.
Cé go ndúirt GSOC nach féidir leis aon trácht eile a dhéanamh faoi láthair, dúirt sé go leanfaidh sé de bheith i dteagmháil le teaghlach Nkencho.
Táthar ag súil anois go ndéanfaidh teaghlach Nkencho achomharc i gcoinne chinneadh an DPP.
‘Tá díomá ar theaghlach Nkencho le cinneadh an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí gan baill den Gharda Síochána, a raibh baint acu le lámhach a mac agus a ndeartháir George, a ionchúiseamh,’ a dúirt an teaghlach, dar leis an Irish Independent.
‘Tá sé beartaithe ag an teaghlach achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh seo agus ní bheidh siad ag déanamh aon ráitis eile go dtí go mbeidh an próiseas seo curtha i gcrích.’
Dúirt an GSOC go gcuirfidh sé sonraí substainteacha a imscrúdaithe ar fáil don phobal nuair a cheadaítear dó é sin a dhéanamh.
Dúirt urlabhraí de chuid an Gharda Síochána: ‘Tugann an Garda Síochána breith an DPP ar aird.
‘Athdhearbhaíonn an Coimisinéir Harris a chomhbhrón féin agus an eagraíocht le teaghlach George Nkencho.
‘Beidh an Garda Síochána ag fanacht le tuilleadh eolais ón GSOC maidir lena chéad chéimeanna eile sula ndéanfaidh sé a thuilleadh trácht.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.