Tacaíonn cúirt le ‘compensation payments’ níos ísle. An laghdófar táillí árachais mar sin?

Tá tacaíocht tugtha ag an gCúirt Uachtarach (Supreme Court) do threoirlínte a choinníonn íocaíochtaí árachais díobhála pearsanta (personal injury insurance payments) íseal

Ba cheart costais árachais níos ísle a bheith mar thoradh ar rialú tábhachtach ón gCúirt Uachtarach (Supreme Court) , trí bliana tar éis treoirlínte nua a thabhairt isteach.

Tá breithiúnas suntasach tar éis teacht ón gCúirt Uachtarach a cheadaíonn leibhéil níos ísle cúitimh (compensation) i leith gortuithe.

Mar thoradh ar sin ní mór íocaíochtaí árachais (insurance payments) a ghearradh, dar le feachtasóirí.

Ní mór íocaíochtaí árachais (insurance payments) a ghearradh, dar le feachtasóirí
Ní mór íocaíochtaí árachais (insurance payments) a ghearradh, dar le feachtasóirí

Rialaigh an chúirt go bhfuil treoirlínte (guidelines) faoi ghortuithe pearsanta, a vótáil breithiúna i bhfeidhm trí bliana ó shin, ina gceangal dlí (legally binding).

Níor ghlac an chúirt le formhór na n-éileamh a thug Bridget Delaney, as Dún Garbhán.

Thit sí ar chosán i 2019 agus d’agairt (sued) sí Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge.

Chreid sí go raibh luach suas le 11 oiread níos mó ar a rúitín briste ná an €3,000 a thairg an Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (Personal Injuries Assessment Board, PIAB) di.

Rialaigh an Ard-Chúirt i gcoinne Ms Delaney i mí an Mheithimh 2022, ach rinne sí achomharc (appeal) i gcoinne an chinnidh sin chuig an gCúirt Uachtarach.

Chomh maith le bheith ag éileamh go raibh na treoirlínte míbhunreachtúil (unconstitutional), líomhain sí gur chuir PIAB moill mhícheart ar mheasúnú a dhéanamh ar a gortuithe go dtí gur tugadh na treoirlínte nua isteach.

D’iarr an Alliance for Insurance Reform ar árachóirí (insurers)  laghduithe suntasacha láithreacha ar phréimheanna (premiums) a sheachadadh.

Dúirt an Cathaoirleach, Padraig Cribben, go raibh fáilte roimh an mbreithiúnas ag gach duine a bhfuil tionchar ag chostas árachais ard orthu.

Tá iarrtha ag beirt Airí Rialtais táillí níos ísle ar chustaiméirí, ach is Airí Sóisearacha (junior ministers) iad, agus níl le fios fós an ndéanfaidh an Rialtas aon rud mar fhreagra ar chinneadh na cúirte.

Dúirt an tAire Sóisearach nua um Árachas Jennifer Carroll MacNeill agus an tAire Sóisearach Trádála Dara Calleary go raibh ‘cur i bhfeidhm na dtreoirlínte ina phríomhchuid de chlár athchóirithe árachais an Rialtais’.

Dúirt siad: ‘Tá sé tábhachtach go ndéanfadh gach duine  aird ar an mbreithiúnas.

‘Go háirithe, anois is léir go bhfuiltear tar éis seasamh leis na treoirlínte, tá freagracht ar árachóirí é seo a léiriú ina bpréimheanna.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram