An bhfuil tú tuirseach de bheith gafa sa trácht? Go han-luath beidh tú in ann eitilt díreach os a gcionn an trácht i gcarr leictreach €275,000.
Mar sin féin, deir a lucht déanta gur dearadh bunúsach é agus má tá tóir air go bhféadfadh sé a bheith ar an margadh ar €30,000.
Murab ionann agus formhór a chuid iomaitheoirí (rivals), tá Model A Alef Aeronautics deartha le bheith tiomáinte ar an mbóthar – ach tá sé pacáilte le liáin (propellers) freisin a ligeann dó éirí de thalamh ag am ar bith.
Agus deir na cruthaitheoirí (creators) go mbeadh sé simplí a úsáid, gan ach 15 nóiméad a thógáil a fháil amach conas tiomáint.
Agus deir siad go mbeadh na rialuithe san aer cosúil leis na cinn a úsáidtear chun drone a thiomáint.
Tá sé éadrom agus tá suíocháin ann do bheirt, a bhfuil súil ag an ngnólacht a bheidh i dtáirgeadh (production) faoi 2025.
Tá raon bóithre 320km aige agus raon eitilte 175km – sé sin ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste. Agus toisc gur féidir leis eitilt ar €175km/u d’fhéadfá eitilt ann i gceann uair an chloig.
Agus tá a fhráma snáithín carbóin, thart ar 17 troigh ar fad, 7 troigh ar leithead agus 6 throigh ar airde, deartha le bheith oiriúnach in aon spás páirceála nó garáiste.
Chun tiomáint ar an mbóthar, úsáideann an carr ceithre inneall bheag i ngach ceann dá rothaí.
Fágann sé seo spás faoin bhoinéid agus sa búit le haghaidh ocht lián (propellor) , a casadh go neamhspleách ar luasanna éagsúla chun ligean dó eitilt i dtreo ar bith.
Is é a luas cúrsála (cruise speed) san aer ná 175kph, ar an mbóthar beidh sé idir 40 agus 55km/u.
Ag labhairt dó ag Mobile World Congress in Barcelona, mhínigh Jim Dukhovny, ó Alef Aeronautics: ‘Tá an teicneolaíocht bhunúsach taobh thiar de Model A níos simplí ná Toyota Corolla.
‘Mar sin má tá muid in ann méideanna móra a thógáil agus déantúsaíocht a fheabhsú, níl aon chúis nár cheart go gcosnódh sé níos mó ná €30,000.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.