Tá leithscéal Stáit gafa ag an Taoiseach Simon Harris le teaghlaigh na n-íospartach Stardust – ach tá sé ráite ag na gaolta go bhfanfaidh siad go bhfeice siad cad a dhéanfaidh an Rialtas anois.
Tá méadú tagtha ar an seans go ndéanfaí imscrúdú úr ar an dóiteán tar éis bhreithiúnas an ionchoisne (inquest) gur maraíodh go neamhdhleathach (unlawfully killed) an 48 íospartach a fuair bás sa tine in Ard Aidhin (Artane), i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, i 1981.
Chomh maith leis sin tá na teaghlaigh ag lorg aisíocaíocht an chúitimh (compensation) a íocadh le húinéirí an chlub oíche.
Agus gheall siad caingean dlí a thionscnamh faoin beagnach £600,000 a íocadh i 1983 leis an teaghlach ar leo an Stardust.
Tá lá speisialta cuimhneacháin iarrtha ag cuid acu freisin do na daoine gaolta a maraíodh sa tine.
In óráid sa Dáil, d’admhaigh an Taoiseach Simon Harris: ‘Loiceamar oraibh nuair ba ghéire bhur ngá.’
Dúirt sé: ‘Chaill 48 duine óg a mbeatha i dtubaiste Stardust. Gortaíodh go leor eile agus le líon níos mó fós, bhí a saol briste agus briste go deo.
‘Tá súil agam gur tráth í seo a thosaíonn an Stát seo, a rinne drochscéal níos measa, ag cabhrú libh leigheas a fháil,’ a dúirt sé.
Ina dhiaidh sin dúirt Patricia Dunne, a bhfuair a deartháir Brian Hobbs bás sa tine Stardust, go raibh óráid Harris ‘go maith, ach ní raibh sé go hiontach’.
Dúirt sí: ‘Dúirt mé leis an Taoiseach, Dé Sathairn, go gcaithfeadh sé na portráidí uile a léamh é féin, chun a thuiscint cad as a raibh muid ag teacht, rud a rinne sé.’
Dúirt sí freisin, áfach: ‘Feicfimid, sna laethanta amach romhainn, an bhfuil glactha go hiomlán acu leis, nó an bhfuil cuid acu ag dul trí na rúin arís.
‘Tá rudaí geallta agus coinneoidh daoine i dteagmháil linn. Feicfimid conas a théann sé.’
Dúirt Louise McDermott, a bhfuair a deartháireacha William agus George agus a deirfiúr Marcella bás sa tine, go raibh focail an Taoisigh ‘ó chroí’, ach go raibh ‘mothúcháin mheasctha’ ag an teaghlach.
Dúirt sí: ‘Fanfaimid go bhfeicfimid an ndéanfaidh siad lá comórtha dóibh, rud is dóigh liom gur cheart dóibh a dhéanamh, agus cuirfear rud éigin ar bun chun cuimhneamh orthu i gcónaí. An t-aon rud atá againn ná an balla ag suíomh Stardust.’
Dúirt sí go raibh a máthair, Brigid McDermott, ag faire ar imeachtaí óna teach, agus go raibh sí ‘chomh sásta’ gur sheas duine éigin agus ghabh sé leithscéal.
Dúirt Damien Keegan, deartháir Mary agus Martina Keegan, go raibh baill dá muintir ag caoineadh nuair a luadh a máthair, Christine Keegan, le linn ráitis Dála.
Bhí sise ina príomhfheachtasóir do na teaghlaigh Stardust ach fuair sí bás i 2020.
Dúirt sé: ‘Ní raibh a fhios agam, agus mé ag fás aníos, ar aon rud eile ach ag féachaint ar mo mháthair ag troid ar son an cheartais.
‘Thug an Stát droim láimhe orainn go léir.’
Dúirt sé gur thug an Taoiseach óráid mhaith agus go bhfuil cuma ‘dáiríre’ air.
Ach dúirt sé: ‘Bheadh an-suim agam a fheiceáil cad a tharlóidh anois.’
D’éirigh daoine ina seasamh chun bualadh bos a thabhairt do na teaghlaigh nuair a chur an Leas-Cheann Comhairle Catherine Connolly fáilte rompu go Teach Laighean.
Léigh an Taoiseach amach freisin ainmneacha gach duine den 48 íospartaigh, chomh maith le cúpla focal faoina gcuid pearsantachtaí, caitheamh aimsire agus brionglóidí.
Ina óráid dúirt sé: ‘Inniu a deirimid, go foirmiúil agus gan aon leisce, tá brón orainn.
Dúirt sé freisin: ‘Is mór an trua dom gur tháinig deireadh le bhur gcéad tairiscint ar cheartas nuair a cuireadh amhras orthu siúd a fuair bás nó a mhair ar an oíche thubaisteach sin, agus bhur bpian agus bhur mbrón níos measa mar gheall ar stiogma agus diúltú.
‘B’éigean do theaghlaigh troid ar feadh na mblianta chun an deimhniú a bhuaigh sibh Déardaoin seo caite a fháil, nuair a thug an t-ionchoisne fíorasc (verdict) maidir le marú neamhdhleathach i gcás do 48 ball teaghlaigh.
‘Ar an ábhar sin ar fad, mar Thaoiseach, ar son an Stáit seo, gabhaim leithscéal gan agús (unreservedly) le teaghlaigh uile íospartaigh Stardust agus leis na marthanóirí (survivors) go léir as an ghortú a rinneadh dóibh agus as na blianta uafásacha pianmhara a bhí siad ag streachailt leis an bhfírinne a fháil. ‘
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.