Tá na céadta lucht agóide gafa ag na póilíní sna Stáit Aontaithe, agus agóidí ar son sos cogaidh in Gaza ag fás ar fud champais na hollscoile.
Tá lucht agóide ag éileamh ar Iosrael stop a chur le hionsaí ar na Palaistínigh i nGaza agus ag éileamh ar na Stáit Aontaithe agus tíortha eile stop a chur le tacú le hionsaithe Iosrael.
Mar sin féin, tá ceannairí polaitiúla – as na páirtithe Daonlathacha agus Poblachtacha – ag séanadh na luchta agóide síochána.
Tá sé ráite ag seanadóir sinsearach Daonlathach amháin gur ‘faisisteachas na heite clé’ iad na hagóidí ar son sos cogaidh.
Dúirt an Seanadóir Adam Smith ó stát Washington, go bhfuil a leithéid de lucht agóide ‘ag tabhairt dúshlán don daonlathas ionadaíoch (representative democracy)’ agus gur cheart iad a ghabháil.
Agus d’éiligh seanadóirí sinsearacha Poblachtacha go seolfadh rialtas Biden oifigigh fheidearálacha isteach chun stop a chur leis na hagóidí síochána.
Scríobh Mitch McConnell, ceannaire mionlaigh an tSeanaid, agus John Thune, a ionadaí (deputy), chuig Merrick Garland, an tArd-Aighne sna Stáit Aontaithe, agus chuig Miguel Cardona, an Rúnaí Oideachais, ag glaoch ‘anti-semitic, pro-terrorist mobs’ ar na hagóideoirí.
Ghabh póilíní thart ar 150 agóideoir ag Yale agus Ollscoil Nua-Eabhrac oíche Dé Luain, agus d’fhógair Ollscoil Columbia go ndéanfaí ranganna a mhúineadh go ó chian (remotely) don chuid eile den seimeastar, tar éis níos mó ná 100 gabhálach ann an tseachtain seo caite.
Ar an Déardaoin, throid oifigigh póilíní in aghaidh agóideoirí ag Ollscoil Emory in Atlanta, Georgia agus i Washington DC mháirseáil na céadta mac léinn ar agóid.
Gabhadh níos mó ná 200 duine ag Emerson College, Boston, agus cuireadh 93 duine faoi choimeád ar chúisimh threaspás in Ollscoil Southern California (USC) i Los Angeles.
Gabhadh 34 duine in Ollscoil Texas in Austin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.