Bhí iar-cheannaire an DUP Jeffrey Donaldson sa chúirt san Iúr (Newry), Co an Dúin (Down) agus é cúisithe i 11 chion gnéis stairiúil, lena n-áirítear comhaireamh amháin éignithe (rape).
Baineann ceann amháin de na deich gcúiseamh eile le gníomh ró-mhígheanasach (gross indecency) le leanbh, agus naoi gcúiseamh as ionsaí mígheanasach ar dhuine bhaineann (female).
Tá beirt íospartach líomhnaithe (alleged victims) agus líomhnaítear gur tharla na cionta thar thréimhse 21 bliain idir Eanáir 1985 agus Nollaig 2006
Séanann an Feisire (MP) do Ghleann an Lagáin (Lagan Valley) na cúisimh go léir go dian.
Tá ceithre chúiseamh le sárú ag a bhean chéile, Eleanor Donaldson, 58, lena n-áirítear cúnamh (aiding and abetting) a thabhairt don chion.
Séanann sí na cúisimh go léir freisin. Tá Donaldson scaoileadh saor ar bhannaí leanúnacha anois (continuing bail).
Gabhadh agus cúisíodh Donaldson, atá ina pholaiteoir 61 bliain d’aois, maidir le líomhaintí gnéis stairiúla ag deireadh mhí an Mhárta.
D’éirigh Donaldson as mar cheannaire an DUP agus cuireadh ar fionraí é ón bpáirtí ar feitheamh toradh an phróisis bhreithiúnaigh.
Tuigtear gur dhúirt sé go soiléir i litir chuig oifigigh an pháirtí go mbeadh sé ‘ag cur in aghaidh go dian’ ar gach cúiseamh ina choinne.
Ceapadh Feisire Oirthear Bhéal Feirste agus leascheannaire Gavin Robinson ina cheannaire páirtí eatramhach.
D’fhan Donaldson mar MP i bParlaimint na Breataine do Ghleann an Lagáin (Lagan Valley) go dtí seo.
Bhí láithreacht ollmhór sna meáin lasmuigh de Chúirt Giúistísí an Iúir nuair a shroich an tUasal Donaldson maidin Dé Céadaoin.
Is cás gan fasach (unprecedented) é seo i stair pholaitiúil agus dhlíthiúil an Tuaiscirt, an chéad uair a tháinig pearsa polaitíochta mór le rá riamh os comhair na gcúirteanna atá cúisithe i gcionta gnéis tromchúiseacha.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.