Gabhadh triúr fear maidir le bás fir as an Chróit (Croatia) i mBaile Átha Cliath, Josip Strok, agus ionsaí tromchúiseach ar fhir eile an mhí seo caite.
Ionsaíodh Josip Strok, a bhí ina 30idí, i gCluain Dolcáin (Clondalkin), Baile Átha Cliath 22 ar 30 Márta.
Bhásaigh an tUasal Strok, arbh as an gCróit ó dhúchas dó, óna ghortuithe ceithre lá ina dhiaidh sin san ospidéal.
Cuireadh an dara fear, a ionsaíodh le linn na heachtra, san ospidéal mar gheall ar ghortuithe nach raibh bagairt saoil orthu.
Tá sé deimhnithe ag na gardaí, mar chuid den fhiosrúchán ar bhás an Uasail Strok agus ar an ionsaí tromchúiseach, gur gabhadh triúr fear.
‘Tá triúr fear gafa ag na gardaí atá ag fiosrú dúnmharú Josip Strok agus ionsaí tromchúiseach ar fhear a tharla i gCluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22, ar 30 Márta 2024,’ a dúirt na gardaí i ráiteas.
‘Gabhadh na fir Déardaoin ag gardaí atá bainteach le Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Imscrúdú Coiriúil (Garda National Bureau of Criminal Investigation) agus Cheantar Chluain Dolcáin (Clondalkin District).
Coinníodh an triúr fear ag stáisiúin na nGardaí i Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath (Dublin Metropolitan Region), faoi Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil (Section 4 of the Criminal Justice Act) 1984.’
Dúirt na gardaí go bhfuil siad ag iarraidh ar aon fhinnéithe a d’fhéadfadh a bheith ann nuair a bhí na hionsaithe ar siúl, dul i dteagmháil leo.
Féadfaidh aon fhinnéithe ionchasacha (potential witnesses) teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Garda Chluain Dolcáin ar 01 666 7600, nó Líne Rúnda an Gharda ar 1800 666 111.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.