D’aontaigh Airí plean rúnda chun aisíocaíochtaí a bhlocáil do dhaoine aosta agus breoite

D’aontaigh taoisigh agus airí sláinte i ndiaidh a chéile – lena n-áirítear baill na Comh-Aireachta reatha – plean rúnda chun an méid a d’fhéadfadh go mbeadh ar an Stát íoc as táillí tithe altranais mídhleathacha a cheilt; chun cosc a chur ar eisíocaíochtaí to theaghlaigh, léiríonn taifid rúnda an Rialtais.

Léiríonn na comhaid rúnda go bhféadfadh go mbeadh ar an Stát €12 billiún a íoc mar chúiteamh leis na céadta mílte teaghlach, ar cúisíodh go mícheart iad as cúram a muintire thar thréimhse 30 bliain, de réir tuairisc san Irish Mail on Sunday inniu.

I go leor cásanna, d’fhulaing teaghlaigh leochaileacha cruatan airgeadais an-mhór mar thoradh ar na táillí mídhleathacha.

Léiríonn doiciméid a fuair an Irish Mail on Sunday an chaoi ar ghníomhaigh ceannairí sinsearacha rialtais as Fianna Fáil, Fine Gael, an Lucht Oibre agus an Páirtí Daonlathach chun bac a chur ar íocaíochtaí arbh fhiú na billiúin euro dóibh siúd a gearradh go mícheart.

eamon gilmore enda kenny
Eamon Gilmore agus Enda Kenny

Rinne siad é seo trí thacú le straitéis dlí a dearadh chun an fhíric go raibh a fhios ag an Stát nach bhféadfadh sé na céadta cás a thóg na teaghlaigh a bhuachan.

Tá cuid acu fós gan íoc.

Mar thoradh ar an straitéis seo, diúltaíodh cúiteamh d’aon duine nach raibh na hacmhainní acu chun cásanna dlí a chomhrac. Socraíodh an chuid eile de na cásanna go ciúin ag an Stát.

Tá an straitéis leagtha amach i meabhrán (memorandum) rúnda agus ardleibhéil rialtais, a d’ullmhaigh an Roinn Sláinte den chéad uair in 2011.

Arna dhátú an 13 Iúil, 2011, tá ‘SECRET’ marcáilte ar an meabhrán agus bhí sé teoranta do cheathrar ceannairí rialtais i dteannta leis an Aire Sláinte a bhí ann ag an am, James Reilly, agus an t-iar-Ard-Aighne Máire Whelan.

San áireamh freisin bhí iar-thaoiseach de chuid Fine Gael Enda Kenny, iar-tánaiste Eamon Gilmore, a bhí ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre, Michael Noonan as Fine Gael a bhí man an t-aire airgeadais ag an am, agus an t-iar-aire caiteachais phoiblí Brendan Howlin, a bhí freisin i bPáirtí an Lucht Oibre.

Athdhearbhaíodh an straitéis, atá fós ann, fad is a bhí airí sláinte i ndiaidh a chéile, lena n-áirítear an Taoiseach reatha Leo Varadkar agus an tAire Dlí agus Cirt reatha Simon Harris, in oifig. Bhí an t-iar-ard-aighne, Séamus Woulfe, atá anois ina bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach, ar an eolas faoin straitéis chonspóideach freisin.

shane corr children autism dossier department of health
Whistleblower: Shane Corr. Pic: RTÉ

Soláthraíodh an meabhrán agus na comhaid a ghabhann leis don Irish Mail Sunday i nochtadh cosanta (protected disclosure) a rinne an sceithire (whistleblower) as an Roinne Sláinte, Shane Corr.

Dúirt an tUasal Corr, a bhí chun tosaigh ag nochtadh go leor scannail ar leas an phobail, go raibh sé, ‘shocked by the scale of the cover up’.

‘Baineadh go mícheart daoine leochaileacha faoi chúram an Stáit as a gcuid sócmhainní (assets) agus i gcásanna áirithe díshealbhaíodh (disinherited) a dteaghlaigh,’ a dúirt sé leis an Irish Mail on Sunday.

‘Dhiúltófaí do go leor daoine gan saoire teaghlaigh dheireanach nó an tsochraid a shábháil siad dó, ionas go bhféadfaí gealltanais pholaitiúla a mhaoiniú in áit eile.’

Léiríonn na comhaid go raibh rúndacht riachtanach chun go mbeadh rath ar an bplean.

‘Is gné lárnach den straitéis dhlíthiúil í an rúndacht,’ a deir meabhrán amháin.

Ba í aidhm na straitéise seo, a athdhearbhaigh (reaffirmed) rialtais i ndiaidh a chéile go dtí an lá inniu, ná nach bhféadfaí dul ar aghaidh le haon cheann de na cásanna a ghlac na céadta teaghlach toisc nár chreid an Stát go bhféadfadh sé an bua a fháil.

Enda Kenny 1
Enda Kenny

Ba é an plean ná fad a chur le cásanna sula socraíodh iad, ach díreach go dtí an pointe in a mbeadh ‘discovery’, nuair a ordóidh na cúirteanna don Stát doiciméid a sholáthar do pháirtithe eile.

Dúradh i ndoiciméad in 2011: ‘Is é an t-eagla ná dá mbeadh sonraí na gcásanna, an straitéis dlí agus dá mbeadh na socraíochtaí chun próifíl phoiblí ard a fháil, go spreagfadh sé líon mór éileamh. Tá sé tábhachtach mar sin go ndéileáiltear leis an dlíthíocht seo le fíorchúram (extreme care), discréid agus rúndacht.

‘Bheadh an dliteanas (liability) a bhféadfadh an Stát a bheith nochtaithe dó, dá gcaillfí cás agus dá ndéanfaí fasach díobhálach (adverse precedent) a shocrú, an-substaintiúil go deimhin.’

james reilly
James Reilly

De réir na gcomhad, d’fhéadfadh an dliteanas seo a bheith €12 billiún. Bhí an meastachán comhdhéanta de dhá chatagóir cásanna ar leith.

Ba é an chéad cheann ná ‘nochtadh féideartha (potential exposure) de €5 billiún’ a bhain le suas le 250,000 othar le cártaí leighis ar gearradh táillí míchuí orthu i dtithe altranais poiblí ó 1976.

Bhain an dara catagóir le cónaitheoirí nach raibh aon rogha acu ach íoc as tithe altranais príobháideacha. toisc nach raibh aon áit phoiblí ar fáil. De réir meastacháin rialtais, is ionann na héilimh seo agus ‘nochtadh féideartha tuairim is €7 billiún, i leith cásanna príobháideacha reatha agus féideartha’.

Rinneadh teagmháil, maidir le straitéis dlí an Stáit, leis Roinn an Taoisigh, na Ranna Airgeadais, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus Oifig an Ard-Aighne, agus bhí na ceisteanna dírithe chuig an Roinn Sláinte. Dúirt an Roinn Sláinte: ‘Ní thugann an Roinn trácht ar nithe a bhaineann le dlíthíocht.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram