Tá teachín i nGaillimh a bhí roimhe seo faoi úinéireacht aisteoir sa tsraith scannán James Bond curtha ar an margadh ar níos lú ná €300,000.
Tá Attifineen, sa nGort i gCo na Gaillimhe, suite in aice le sráidbhaile Croisín (Crusheen), i gCo. an Chláir. Is teachín taitneamhach é a tógadh le cloch ón Bhoirinn (Burren).
Tá ballaí tiubha (thick) agus ceithre sheomra leapa ann — in ainneoin go bhfuil an chuma air, ón taobh amuigh, go bhfuil sé i bhfad níos lú.
Nuair a théann tú isteach sa teachín, tá príomhsheomra fáiltithe le hurlár cairpéad, tá teallach oscailte (open fireplace) le sorn breosla soladach (solid fuel stove) le bonn marmair snasta (polished marble base).
Tá cófraí balla traidisiúnta ionsuite sa chistin agus le cuntar oibre eibhir (granite work surface).
Osclaíonn an halla nasctha amach do thrí cinn de na ceithre sheomra leapa agus príomhsheomra folctha, agus tá an príomhsheomra leapa thuas staighre.
Tá an príomhsheomra leapa le en-suite agus le seomra allais (sauna)
Tá an príomhsheomra leapa féin comhdhéanta d’urláir tílithe, le doras gloinithe a osclaíonn isteach sa seomra allais (sauna).
Is éard atá sa dara teachín ná cistin le seomra bricfeasta traidisiúnta, seomra fáiltithe agus seomra leapa amháin – foirfe mar árasán breise, mar ‘granny flat’.
Maidir le stair an tí, ba é an t-úinéir ba shuntasaí a bhí ann ná Walter Gotell nach maireann – a bhfuil cáil air mar gheall a ról mar an General Gogol i roinnt scannán James Bond, chomh maith leis an mbithiúnach (villain) Morzeny in From Russia with Love.
Cheannaigh an tUasal Gotell agus a bhean an teach sna 1990idí, tar éis dóibh athlonnaithe go hIarthar na hÉireann tar éis dóibh a bheith ag iarraidh éalú ó mhórshiúl Londain.
Tá Attifineen, An Gort, Co na Gaillimhe, ar fáil trí DNG O’Sullivan Hurley, ar phraghas iarrata (asking price) de €285,000.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.