Ceist don Taoiseach: An mbeidh Aire na Gaeilge in ann Gaeilge a labhairt?

09/04/2024

Mar a bhí tuartha (predicted) ag ExtraG.ie, tá na hAirí sinsearacha ceaptha ag an Taoiseach Simon Harris – Burke agus O’Donovan – ach an dtabharfar tús áite don Ghaeilge atá de dhíth uirthi

Tar éis don Taoiseach nua Simon Harris a bheith tofa Dé Máirt, thosaigh sé ag roghnú na mball d’Fhine Gael a bhí le hardú chun na Comh-Aireachta.

Mar sin féin, is beag athrú a tharla, ach amháin sna ranna Rialtais ina raibh na hAirí tar éis bogadh ar aghaidh.

Peter Burke
Tá Peter Burke ceaptha ina aire sinsearach ag an Taoiseach Simon Harris

Ní raibh na foinsí a bhí ag labhairt le Extrag.ie, le cúpla lá anuas, ag súil leis na hathruithe móra a bhí á dtuar (predicted) ar dtús – ach tá athruithe i Roinn na Gaeltachta.

An cheist a bhí á cur ag go leor Gaeilgeoirí ná, an mbeidh Aire nua na Gaeltachta agus na Gaeilge againn, agus an mbeidh sí nó sé in ann Gaeilge a labhairt?

Mar shampla tá Gaeilge líofa ag Príomh-Aoire an Rialtais Hildegarde Naughton, agus cé go bhfuil géarghá le hAire sinsearach Gaeltachta agus Gaeilge sa Chomh-Aireacht, b’fhéidir go dtabharfaí an cúram di.

Agus Patrick O’Donovan ag bogadh go dtí an Comh-Aireachta, fógróidh an Taoiseach nua a ról mar Aire na Gaeltachta agus na Gaeilge Dé Céadaoin.

Mar a bhíothas ag súil ní raibh aon athruithe móra sa Chomh-Aireacht. Fanfaidh Helen McEntee mar Aire Dlí agus Cirt, fanfaidh Heather Humphreys mar Aire Coimirce Sóisialaí agus fanfaidh Paschal Donohoe mar Aire Caitheachas Phoiblí.

Patrick O’Donovan
Patrick O’Donovan

Tiocfaidh dhá athrú sa Chomh-Aireacht, an chéad cheann  mar go bhfuil Simon Coveney ag dul ar scor mar Aire Fiontair; agus beidh an tAire Sóisearach (Junior Minister) do Ghnóthaí Eorpacha Peter Burke ag glacadh a ról.

Agus is é an dara hathrú Comh-Aireachta ná an tAire Sóisearach Gaeltachta agus Gaeilge, Patrick O’Donovan a cheapadh chuig seanphost Simon Harris mar Aire Ardoideachais.

Hildegarde Naughton
Hildegarde Naughton

Tá Hildegarde Naughton, atá ar duine den bheagán Teachtaí Dála ag Fine Gael ar cainteoir líofa Gaeilge í, le fanacht mar Phríomh-Aoire (Chief Whip), le freagracht nua as riachtanais speisialta, ról mar Aire Shóisearaigh a bhí ag Josepha Madigan, nach bhfuil ag seasamh sa chéad olltoghchán eile.

Gheobhaidh Jennifer Carroll MacNeill an post a bhí ag Peter Burke mar Aire Sóisearach Gnóthaí Eorpacha.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram