Seans go bhfaighidh Simon Harris cabhair ó Frances Fitzgerald agus Mairéad McGuinness, beirt bhan chumhachtacha de chuid Fhine Gael, chun an pháirtí a shábháil sa chéad olltoghchán eile.
Agus leath de Theachtaí Dála Fhine Gael ag diúltú seasamh sa chéad toghchán eile bheadh seans láidir ag Coimisinéir an AE Mairéad McGuinness agus iar-Tánaiste Frances Fitzgerald suíocháin a bhuachan.
Níl Frances Fitzgerald ag cur as an áireamh go bhfillfeadh sí ar an Dáil, ag rá go ndéanfadh sí ‘staidéar’ nuair a chríochnaíonn a téarma mar FPE (MEP) sa mhí atá romhainn.
Tá sé ráite ag an Taoiseach Simon Harris go mbeadh sé ag caint le Ms Fitzgerald agus Ms McGuinness faoin ról a d’fhéadfadh a bheith acu sa pháirtí amach anseo.
Faoi láthair tá Fine Gael ag tabhairt aghaidh ar imeacht Teachtaí Dála sa chéad toghchán eile, agus ar a laghad 11 ag deimhniú nach mbeidh siad ag seasamh.
Agus táthar ag súil nach seasfaidh ceathrar eile sa toghchán. Is iad sin: Leo Varadkar, Paschal Donohoe, Bernard Durkan agus Michael Ring.
Deirtear freisin go raibh Harris i dteagmháil le roinnt Teachtaí Dála a bhí ag dul ar scor agus gur iarr sé orthu seasamh arís san olltoghchán, le gealltanas post mar aire shóisearach.
Mar sin féin, dhiúltaigh Michael Ring agus Fergus O’Dowd ról a ghlacadh mar ní raibh siad in ann gealltanas a thabhairt chun seasamh le bheith ina TD arís.
Tá Ms Fitzgerald ag éirí as mar FPE (MEP) agus deirtear go bhfuil sí an-ghar do Harris.
Tá tréimhse Ms McGuinness mar Choimisinéir AE na hÉireann ag druidim chun deiridh freisin, agus táthar ag súil go roghnóidh Fianna Fáil an chéad Choimisinéir AE eile.
Deirtear go bhfuil uaillmhianta (ambitions) ag Ms McGuinness agus Ms Fitzgerald araon a bheith mar an chéad ainmnitheach uachtaránachta eile d’Fhine Gael.
Mar sin féin, mheasfaí an bheirt a bheith ina n-iomaitheoirí láidre do shuíochán Dála má roghnaíonn siad seasamh sa chéad olltoghchán eile.
Dúirt Ms Fitzgerald: ‘Is cinnte go mbeidh cainteanna agam le Simon faoi conas is féidir liom cabhrú leis sa todhchaí’, dar leis an Irish Daily Mail.
Dúirt sí go ndéanfadh sí ‘staidéar’ a luaithe a thagann deireadh lena téarma mar FPE.
‘Is am dúshlánach é don pháirtí. Mar sin is cinnte go mbeidh mé ag iarraidh ról a ghlacadh, ach cad é an ról, tá sé ró-luath a rá.’
Fiafraíodh de Harris an labhródh sé le Mairéad McGuinness nó Frances Fitzgerald agus ag iarraidh orthu seasamh sa chéad toghchán eile agus dúirt sé: ‘Bheadh an-dúil agam labhairt leis an mbeirt faoin ról ba mhian leo a ghlacadh inár dtír agus inár bpáirtí sa todhchaí.
‘Ní raibh na comhráite sin agam go fóill ach táim an-sásta iad a bheith agam.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.