Is é an Gaeilgeoir Thomas Byrne Aire na Gaeltachta agus na Gaeilge

10/04/2024

An fhreagracht as cúrsaí Gaeilge ag dul mar obair sa bhreis Ag Aire Shóisearaigh – díreach mar atá sé leis an aire sinsearach

Tá Aire Sóisearach Fhianna Fáil Thomas Byrne le freagracht a ghlacadh as an Ghaeltacht, chomh maith leis na freagrachtaí atá air faoi láthair don Spórt sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Agus tá triúr airí sóisearacha nua ceaptha ag an Rialtas.

Tá ardú céime faighte ag Alan Dillon ina Aire Sóisearach sa Roinn Tithíochta, agus Kieran O’Donnell ag bogadh go ról Oifig na nOibreacha Poiblí.

Hildegarde Naughton
Hildegarde Naughton

Is í Emer Higgins an tAire Stáit nua ag an Roinn Fiontar agus Neale Richmond ag glacadh ról na Roinne Airgeadais.

Tá an TD ó Chorcaigh Láir Colm Burke ag glacadh ról mar Aire Sóisearach le freagracht as Straitéis Sláinte Poiblí agus Drugaí

Mar a bhíothas ag súil ní raibh aon athruithe móra sa Chomh-Aireacht. Fanfaidh Helen McEntee mar Aire Dlí agus Cirt, fanfaidh Heather Humphreys mar Aire Coimirce Sóisialaí agus fanfaidh Paschal Donohoe mar Aire Caitheachas Phoiblí.

Tiocfaidh dhá athrú sa Chomh-Aireacht, an chéad cheann  mar go bhfuil Simon Coveney ag dul ar scor mar Aire Fiontair; agus beidh an tAire Sóisearach (Junior Minister) do Ghnóthaí Eorpacha Peter Burke ag glacadh a ról.

Agus is é an dara hathrú Comh-Aireachta ná an tAire Sóisearach Gaeltachta agus Gaeilge, Patrick O’Donovan a cheapadh chuig seanphost Simon Harris mar Aire Ardoideachais.

Tá Hildegarde Naughton, atá ar duine den bheagán Teachtaí Dála ag Fine Gael ar cainteoir líofa Gaeilge í, le fanacht mar Phríomh-Aoire (Chief Whip), le freagracht nua as riachtanais speisialta, ról mar Aire Shóisearaigh a bhí ag Josepha Madigan, nach bhfuil ag seasamh sa chéad olltoghchán eile.

Gheobhaidh Jennifer Carroll MacNeill an post a bhí ag Peter Burke mar Aire Sóisearach Gnóthaí Eorpacha.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram