An bhfuil mearbhall (confused) ort faoi na toghcháin (elections)? Seo áis atá éasca le húsáid

29/02/2024

Aip nua ag an gcomhairle i gceantar údarás áitiúil Gaeilge Phort Láirge chun cabhrú linn:

1. eolas a fháil ar na hiarrthóirí toghcháin;

2. do bhoth vótaíochta áitiúil a aimsiú:

3. agus ansin an comhaireamh a leanúint agus iad tofa

Tá ‘obair na gcapall’ ar siúl i bPort Láirge faoi láthair I dtaobh Seachtain na Gaeilge agus na toghcháin atá ag teacht.

Sheol an Chomhairle Cathrach agus Contae láithreán tiomnaithe toghchán le déanaí agus ba cheart go mbeadh sé i ngach limistéar údaráis áitiúil sa tír.

Go deimhin, ba cheart don Rialtas breathnú ar na buntáistí a thig leis.

waterford3
Méara Chathair agus Chontae Phort Láirge, An Comhairleoir Seosamh Ó Conmhuí, le Honor Dunphy, Oifigeach Riaracháin; Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge agus Jon Hawkins Ceannaire Tionscadail GIS, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge

Ba é foireann GIS agus Claochlaithe Sonraí de chuid Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge a dhear an mol seo, an chéad mhol toghcháin tiomnaithe atá curtha ar fáil ag údarás áitiúil in Éirinn

Cuireann an mol ar líne Toghcháin Phort Láirge 2024 (clic anseo)  eolas fíor-ama ar fáil roimh na toghcháin áitiúla agus Eorpacha atá ar na bacáin.

Tá eolas ar an láithreán faoi na toghcháin áitiúla agus Eorpacha, sonraí faoi shé thoghcheantar Phort Láirge, mar aon le heolas faoi incháilitheacht vótála.

Níor cheart go mbeadh orainn údaráis áitiúla a mholadh as seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge ach caithfimid é a dhéanamh mar níl gach ceann ag comhlíonadh a gcuid dualgas.

Is a mhalairt atá i bPort Láirge, áfach, cuireann siad go leor seirbhísí ar fáil i nGaeilge, agus beidh siad an-ghnóthach le linn Sheachtain na Gaeilge atá ar siúl ó Dé hAoine 1 Márta go Lá Fhéile Pádraig.

Chomh maith leis sin tá a suíomh Gréasáin agus gníomhaíochtaí eile ar líne, mar an mol toghcháin, ar fáil i nGaeilge.

Ag trácht ar sheoladh an mhoil, dúirt Méara Chathair agus Chontae Phort Láirge, An Comhairleoir Seosamh Ó Conmhuí, ‘Is acmhainn fhaisnéiseach, inrochtana agus éasca le húsáid í seo, atá ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla, a thabharfaidh freagra ar na ceisteanna atá á gcur ag toghthóirí Phort Láirge.

‘Cuireann sé faisnéis ríthábhachtach ar fáil sa tréimhse roimh na toghcháin, ar nós faisnéis faoi threoracha chuig stáisiúin vótála sannta agus léarscáileanna na dtoghcheantar áitiúil, rudaí a bheidh an-úsáideach agus a dhéanfaidh an próiseas vótála níos éasca do dhaoine.’


Is féidir an mol a úsáid chun rochtain a fháil ar fhaisnéis amhail:

waterford 1

Aimsigh mo Stáisiún Vótála: Cabhraíonn an feidhmchlár (application) seo leat do Stáisiún Vótála a aimsiú trí d’Eirchód a chur isteach.

Léarscáil na dToghcheantar Áitiúil: Breathnaigh ar mhéid gach Toghcheantair ar leith laistigh de Chathair agus Contae Phort Láirge ar ríomhaire deisce, ar tháibléad nó ar fhón cliste.

Ceisteanna Coitianta faoi Vótáil agus Clárú: Liosta cuimsitheach de cheisteanna coitianta a d’fhéadfá a chur roimh thoghchán nó do bhallóid a chaitheamh.

Cé hiad mo Chomhairleoirí: Trí d’Eirchód a chur isteach, cuirfear ar an eolas thú faoin toghlimistéar (voting area) ina bhfuil cónaí ort agus faoi shonraí na n-ionadaithe (representatives) tofa áitiúla, náisiúnta agus Eorpacha atá ann faoi láthair (arna thabhairt chothrom le dáta nuair a bheidh dáta deiridh an Fhógra Vótaíochta caite).

Torthaí na dToghchán: Déan iniúchadh ar thorthaí deimhnithe de réir mar a bheidh siad ar fáil.


 Dúirt an Méara chomh maith, ‘Táimid an-bhródúil go bhfuil an mol seo ar fáil i nGaeilge freisin.

‘Mar chontae Gaeltachta, foinse eolais an-luachmhar agus iontaofa as Gaeilge a bheidh san acmhainn seo, a thabharfaidh deis dár saoránaigh uile cinneadh eolach a dhéanamh ag an mbosca ballóide.’

Thug Jon Hawkins, Ceannaire Tionscadail GIS Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, míniú ar bhunús an mhoil.

‘Tógadh Mol Toghcháin Phort Láirge trí úsáid a bhaint as córas faisnéise geografaí na Comhairle (ArcGIS an ESRI) agus déantar é a nuashonrú go laethúil ó bhunachar sonraí Chlár na dToghthóirí, ag baint úsáide as a ardán comhtháthaithe agus saibhrithe sonraí, FME de chuid Safe Software.

‘Ní hamháin go gcuirfidh sé faisnéis bhallóide ábhartha ar fáil do chónaitheoirí agus do vótálaithe sula gcaithfidh siad a vóta, ach tá sé mar aidhm ag an dearadh freisin rannpháirtíocht vótálaithe a mhéadú mar go gcabhraíonn sé le vótálaithe teacht ar a stáisiún vótála sannta ionas gur féidir leo a vóta a chaitheamh go héasca ar an lá.’

 Chuir Dermot O’Kane ón ESRI fáilte roimh an tionscnamh ag rá: ‘Acmhainn nua iontach is ea í seo do phobal Phort Láirge. Úsáideann an aip seo cumhacht sonraí chun rochtain shimplí ar eolas faoin toghchán a thabhairt do shaoránaigh, ag cur ar a gcumas dul i ngleic go fóinteach leis an bpriseas vótála.’


BlasnaCathrach

Le cloisteáil faoin mol agus na himeachtaí Gaeilge sa cheantar cliceáil ar ceann de na naisc thíos chuig agallamh a thug an tOifigeach Gaeilge le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge Máire Seo Breathnach ar Bhlas na Cathrach ar Raidió na Life, an stáisiún raidió i mBaile Átha Cliath do Ghaeilgeoirí.

Blas na Cathrach Dé Máirt 27 Feabhra ar Soundcloud

Blas na Cathrach Dé Máirt 27 Feabhra ar Spotify


Dúirt Paul Johnston, Stiúrthóir Gníomhach Seirbhísí agus Ceann Comhairimh le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge: ‘Leanfaidh an mol ag uasdátú agus ag athrú sna míonna amach romhainn.

‘A luaithe is a fhógróidh an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil lá vótaíochta an toghcháin, foilseoidh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge fógra ag lorg ainmniúchán, a chuirfear leis an mol nuair a cheadófar é.

‘Beidh ainm agus seoladh an iarrthóra agus an toghcheantair ina bhfuil siad ag rith san áireamh san fhaisnéis seo.

‘Ar an iomlán, beidh iarrthóirí ag seasamh chun 32 shuíochán a líonadh trasna sé cinn de thoghlimistéir áitiúla i gcathair agus i gcontae Phort Láirge.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram