Ómós d’iar-Marine na SAM as Éirinn a maraíodh san Úcráin

Labhair iar-Marine Graham Dale in agallamh faoin bhfáth ar bhraith sé go raibh air dul isteach san arm

Maraíodh Éireannach a bhí ina shaighdiúir de chuid Muirshaighdiúirí na Stát Aontaithe (US Marines) agus é ag troid san Úcráin.

Is as Ráth Eanaigh (Raheny) i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ó dhúchas Graham Dale ach bhí cónaí air sna Stáit Aontaithe, agus bhí taithí aige in arm Mheiriceá roimhe seo.

Creidtear gur maraíodh Dale a bhí 45 bliain d’aois Dé hAoine.

Tá ómós tugtha dó ar na meáin shóisialta tar éis scéala a bháis. Dúirt post gur chuaigh sé isteach in arm na hÚcráine chun ‘a chúnamh a thabhairt’.

Iar-Marine Graham Dale
Iar-Marine Graham Dale

‘Briseann sé seo mo chroí go hiomlán,’ a scríobh cara. ‘Ba fhear iontach a bhí ann…Beidh muid brónach gan é.’

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar an eolas faoin gcás agus cúnamh consalachta á chur ar fáil aici.

‘Ar nós gach cás consalachta, ní thugann an Roinn trácht ar shonraí na gcásanna aonair,’ dúirt siad

Chuaigh Dale isteach i Muirshaighdiúirí na Stát Aontaithe díreach tar éis na n-ionsaithe ar na Twin Towers i Nua-Eabhrac an 11 Meán Fómhair 2001, de réir an Irish Times.

Tuigtear gur thaistil sé go dtí an Úcráin go gairid i ndiaidh ionradh na Rúise agus chuaigh sé isteach in arm na hÚcráine.

De réir an Irish Times scríobh sé leabhar faoina thréimhse Muirshaighdiúirí na Stát Aontaithe, dar teideal The Green Marine: an Irishman’s War in Iraq.

graham ucrain
Tuigtear gur thaistil sé go dtí an Úcráin go gairid i ndiaidh ionradh na Rúise agus chuaigh sé isteach in arm na hÚcráine

Bhí sé ina bhall den Fhórsa Cosanta Áitiúil (FCA) sa Phoblacht agus bhí sé ina chomhraiceoir dóiteáin deonach (volunteer firefighter) sna Stáit Aontaithe freisin, tar éis dó dul ar imirce ann 23 bliain ó shin.

‘Ní raibh mé in ann suí in aice leis agus féachaint ar na himeachtaí uafásacha seo ag teacht chun cinn mar dhráma teilifíse i rith an lae,’ a dúirt sé leis an Irish Times in 2008 faoin spreagadh a bhí aige dul isteach i míleata tíre eile.

‘Bhí muid faoi ionsaí agus mhothaigh mé go raibh sé de dhualgas orm dul ann, agus troid chun an slí mhaireachtála a bhí agam a chosaint.’

Chuaigh Dale go dtí na Stáit Aontaithe i 2000 agus shocraigh sé i Texas, áit ar oibrigh sé mar chomhairleoir bogearraí do IBM.

Tar éis dó dul isteach in arm na SAM an bhliain dár gcionn, áfach, postáladh é go dtí an Iaráic i Lúnasa 2004.

Thug sé le fios go bhfaca sé comhghleacaithe maraithe, ag iarraidh iad a athbheochan, agus cuireadh cóir leighis air mar gheall ar neamhord struis iar-thrámach (post-traumatic stress disorder) tar éis dó filleadh ar a chónaí i Texas nuair a d’fhill sé ón Iaráic in 2005.

Tugadh a riocht chun cinn nuair a dhírigh buamadóir féinmharaithe ar a ‘platoon’  san Iaráic i mí Eanáir 2005.

‘Tá athruithe tagtha ar mo phearsantacht. Ní féidir liom seasamh in áiteanna plódaithe, nó éisteach leis torann ard tobann,’ a dúirt sé in 2008.

‘Agus is fuath liom tiomáint – ní féidir liom mo scíth a ligean, táim i gcónaí ag féachaint timpeall orm. Táim ag súil go mbeidh sé sin liom ar feadh mo shaoil.’

Bhí a leabhar, a scríobh sé leis an iriseoir Neil Fetherstonhaugh, bunaithe ar irisleabhar fada a choinnigh sé agus é san Iaráic.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram