Bhí Éireannaigh go breá ag na hOscars, na Baftas agus an Sundance … agus seo chugainn Cannes

Beidh go leor le feiceáil le leas Éireannach ag Féile Scannán Cannes, atá ag tarlú go luath

Is fada liosta na n-imeachtaí a bhfuil leas Éireannach acu ag Féile Scannán Cannes i mbliana, de réir nuachta RTÉ.

I measc iad siúd a bheidh le feiceáil ag an bhféile tá dhá scannán a fuair tacaíocht ó Fhís Éireann.

Siad sin The Apprentice, faoi Donald Trump mar fhear óg,  agus September Says.

Beidh scannán le Barry Keoghan ann freisin.

Sebastian Stan mar Donald Trump i The Apprentice ag Cannes
Sebastian Stan mar Donald Trump i The Apprentice ag Cannes

Tagann The Apprentice ón stiúrthóir Iaráineach, Ali Abbasi, agus gheobhaidh sé a chéad léiriú ag Cannes. Tá baint at Tailored Films leis freisin.

Is cuid den chlár é September Says, a stiúir Ariane Labed, a rinne a chéad scannán in Éirinn.

Bhí Barry Keoghan agus an cineamatagrafa Éireannach Robbie Ryan páirteach in Bird, an scannán nua ó Andrea Arnold. Gheobhaidh sé a chéad léiriú domhanda ag Cannes.

Is é Nicolas Cage réalta The Surfer, scannán nua ón stiúrthóir Éireannach Lorcan Finnegan, a rinne an scannán ficsean eolaíochta, Vivarium.

Gheobhaidh Kinds of Kindness a chéad léiriú ag Cannes sa chomórtas. Is ó Element Pictures é agus stiúraigh stiúrthóir Poor Things Yorgos Lanthimos é leis na réaltaí Emma Stone, Willem Dafoe, agus Margaret Qualley, agus an cineamatagrafaí Éireannach Robbie Ryan.

Taispeánfar an scannán nua ón gcomhlacht Éireannach Element Pictures, On Becoming a Guinea Fowl, freisin. Is ón stiúrthóir Rungano Nyoni é, agus bhí sé déanta sa tSaimbia le hiarléiriú (post-production) air in Éirinn.

Beidh Beating Hearts, ar scannán Francach é atá bunaithe ar an leabhar Jackie Loves Johnser OK leis an údar Éireannach Neville Thompson, ar taispeáint i gcomórtas freisin.

Chomh maith leis sin ag féile na bliana seo, beidh stiúrthóir The Godfather, Francis Ford Coppola, ann lena scannán eipiciúil nua, Megalopolis, beidh stiúrthóir an scannáin uafáis David Cronenberg ann lena ‘scannán is pearsanta fós’, The Shrouds, agus beidh Furiosa: A Mad Max Saga, ón stiúrthóir George Miller ag Cannes.

Beidh Féile Scannán Cannes ar siúil ó 14 go 25 Bealtaine.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram