Fógraíodh go bhfuil bean, atá ina 50idí, marbh tar éis di a bheith sáinnithe (trapped) faoi ghluaisteán taobh amuigh de theach i Loch Garman (Wexford).
Thángthas ar chorp na mná maidin Dé Máirt in eastát tithíochta áitiúil Pháirc an Mhuilinn (Mill Park estate) — díreach deich nóiméad ó bhaile Loch Garman.
Tuigtear gur chuir comharsana fios ar na seirbhísí éigeandála agus d’fhreastail Gardaí ar an láthair.
Séalaíodh an t-eastát tithíochta agus chuir Gardaí puball timpeall an chabhsa (driveway) agus muintir na háite ag féachaint air.
Glaodh otharcharr chuig an láthair ach fuarthas amach go tapa go raibh an bhean marbh.
Dheimhnigh foinse de chuid na nGardaí go bhfuil siad ag déileáil leis an gcás mar ‘thimpiste thragóideach’ agus ‘nach bhfuil amhras faoi aon rud amhrasach faoi láthair’.
Bhí foireann fhóiréinseach (forensic) an Gharda i mbun scrúdú iomlán ar an láthair tráthnóna Dé Máirt.
Tuigtear go raibh na heochracha (keys) ag adhaint (ignition) an chairr agus tuairiscítear go bhfuil gardaí ag ceapadh gur rolladh an carr ar ais agus thar an mbean a bhí gafa faoi sa tragóid.
Tá imscrúdú iomlán ar an scéal ar siúl agus tá Gardaí ag achainí ar aon duine a d’fhéadfadh a bheith mar fhinné den eachtra, idir 11.30rn agus 12 meán lae maidin Dé Máirt, teagmháil a dhéanamh leo.
‘Is féidir le duine ar bith a bhfuil eolas aige/aici faoi, teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Garda Loch Garman ar 053 9165200, Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111, nó aon stáisiún Gardaí.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.