An t-Éireannach a chinnfidh an bhfuil Trump ciontach

18/04/2024

Léiríonn cás Trump i Nua-Eabhrac cé chomh deacair is atá sé giúiré (jury) a roghnú i dtriail a bhaineann leis an iar-uachtarán

Tá Éireannach, a bhog go dtí na Stáit Aontaithe, roghnaithe ag triail Donald Trump mar cheannaire an ghiúiré (jury foreman)

Baineann an triail choiriúil (criminal trial) le hairgead a líomhnaítear (allegedly) a d’íoc Trump go rúnda leis an réalta porn Stormy Daniels.

Cé nár nochtadh ainm an Éireannaigh, tá sonraí faoina shaol foilsithe.

Stormy Daniels
Stormy Daniels

Níl aon chlann aige, is fear é a thaitníonn an ‘taobh amuigh’ agus faigheann sé a chuid nuachta ó MSNBC, Fox News agus an Daily Mail.

De réir mar a lean roghnú an ghiúiré ar aghaidh inné, thug an breitheamh rabhadh do dhlíodóirí nach nglacfadh sé le haon iarrachtaí imeaglú (intimidate) a dhéanamh ar ghiúróirí ionchasacha (prospective jurors).

Dúirt an breitheamh freisin go raibh Trump, an t-iarrthóir Poblachtach le haghaidh uachtaránachta i dtoghchán na Samhna, ag cur tuairimí in iúl fad is a ceistíodh duine de chomhaltaí féideartha (possible members) an ghiúiré.

Tá 34 comhaireamh feileonachta (felony counts) os comhair Trump maidir le taifid ghnó a fhalsú chun íocaíocht líomhnaithe le réalta porn Daniels a chur i bhfolach  go gairid roimh thoghchán 2016.

Deir Daniels, 45, go raibh caidreamh collaí aici le Trump tuairim is deich mbliana roimhe sin.

Phléadáil Trump, atá 77 bliain d’aois, neamhchiontach agus séanann sé gur tharla an cruinniú le Daniels.

Tá an cás á thabhairt ag aturnae ceantair Manhattan, Alvin Bragg.

Tá sé ráite ag Trump gur ‘witchhunt’ é an t-ionchúiseamh (prosecution) atá ann chun cur isteach ar a fheachtas le bheith ina uachtarán tofa.

Tá an cás ar cheann de cheithre ionchúiseamh choiriúla atá os comhair Trump, a bhaineann le hiarrachtaí toradh toghcháin 2020 a chur ar ceal tar éis dó Joe Biden a bua a fháil, agus mí-láimhseáil líomhnaithe faisnéise rúnaicmithe (confidential information).

Phléadáil Trump neamhchiontach sna cúisimh sin freisin, ach ní gcuirfí chun trialach na trí chás eile roimh an toghchán.

Ar an giúiré freisin tá bean a oibríonn mar altra oinceolaíochta (oncology) agus a bhaineann taitneamh as a madra a thabhairt go dtí an pháirc, agus dlíodóir corparáideach a dúirt nach leanann sé an nuacht go dlúth.

Dúirt an t-altra nach bhfuil tuairim láidir aici faoi Trump. Dúirt sí, áfach: ‘Níl aon duine os cionn an dlí’.

Tá béim curtha sa chás go dtí seo ar na dúshláin a mbaineann le grúpa giúróirí neamhchlaonta a roghnú i gcás a bhaineann le Trump.

Díbríodh níos mó ná leath an grúpa tosaigh de 96 giúróir Dé Luain tar éis dóibh a rá nár chreid siad go bhféadfadh siad a bheith cothrom.

Níl ainmneacha na giúróirí ar eolas ach amháin do Trump agus dlíodóirí don dá thaobh.

Donald Trump
Donald Trump

Dúirt roinnt giúróirí ionchasacha nach raibh tuairimí láidre acu faoi Trump, nó nach raibh a gcuid tuairimí bainteach leis an gcás.

‘Dá mbeimis inár suí i mbeár, bheinn sásta mo thuairim air a insint duit,’ a dúirt iarrthóir giúiré amháin, fear a oibríonn i siopa leabhar agus a bhaineann taitneamh as dul chuig seónna Broadway.

‘Mar sin féin, sa seomra seo, níl an rud a mhothaím faoin Uachtarán Trump tábhachtach.’ Níor ghlacadh leis an ngiúróir sin.

Agus giúróirí lasmuigh den seomra cúirte, dúirt an Breitheamh le dlíodóirí go raibh Trump ag magadh agus ag déanamh comhartha (gesturing) nuair a bhí giúróir ionchasach amháin á cheistiú.

Dúirt an breitheamh le dlíodóirí Trump labhairt lena chliant faoina iompar.

‘Ní ghlacfaidh mé leis sin,’ a dúirt an breitheamh. ‘Ní bheidh aon imeaglú ar ghiúróirí sa seomra cúirte.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram