Tá teorainn maidir le cógas meabhairshláinte do dhaoine faoi bhun 16 bliana d’aois mídhleathach

Tá cógas (medication) saor in aisce á dhiúltú do dhéagóirí os cionn 16 bliana d’aois agus daoine fásta a bhfuil meabhairghalar (mental illnesses) orthu, toisc gur dhiúltaigh an Stát reachtaíocht (legislation) lochtach a cheartú, tá sé léirithe ag doiciméid rúnda.

Faoin reachtaíocht níl ach iad siúd atá faoi 16 bliana d’aois a bhfuil meabhairghalar orthu i dteideal cógas saor in aisce.

Léiríonn doiciméid a fuair an Irish Mail on Sunday, áfach, go bhfuil a fhios ag an Rialtas go bhfuil an reachtaíócht idirdhealaitheach (discriminatory) agus lochtach go dlíthiúil le breis agus deich mbliana anuas.

shane corr children autism dossier department of health
Shane Corr

Cuireadh na doiciméid ar fáil i Nochtadh Cosanta (Protected Disclosure) ó sceithire (whistleblower) na Roinne Sláinte, Shane Corr. Léiríonn siad gur thug oifig an iar-Ard-Aighne Máire Whelan rabhadh don Rialtas in 2012 go raibh chuid den reachtaíocht faoi chógas saor ‘ ultra vires’, sé sin go raibh siad ‘thar cumhachtaí’ an Rialtas.

Tá Ms Whelan Mar bhreitheamh na Cúirte Achomhairc anois.

Tá an reachtaíocht lochtach fós i bhfeidhm inniu, rud a chiallaíonn gur diúltaíodh rochtain saor in aisce ag na mílte saoránach ar dhrugaí agus ar chógas a bhfuil siad i dteideal de réir dlí. Agus tá siad fós á dhiúltú.

Nuair a fiafraíodh de, d’éiligh urlabhraí thar ceann an Taoisigh Leo Varadkar go raibh imní ar an Rialtas go bhféadfadh athrú ar an reachtaíocht lochtach an scéim iomlán ‘a chur i mbaol’.

Dúirt an t-urlabhraí: ‘D’fhéadfadh othair a bhfuil cártaí Breoiteachta Fadtéarmaigh (Long-Term Illness, LTI) acu rochtain ar chógas saor in aisce a chailleadh dá bhfaighfí amach nach raibh a dteidlíocht slán dlíthiúil.’

Mar sin féin, chuir an tUasal Corr ina leith an Stát as ‘an tsaincheist seo a choinneáil faoin gcairpéad ar feadh deich mbliana, ag séanadh teidlíochta do na mílte duine’.

maire whelan 480x672 1
Máire Whelan

I mí Aibreáin 2012, chuir an t-ard-aighne mionteagasc ar fáil d’ard-rúnaí na Roinne Sláinte inar leag sí amach fadhb leis an Scéim LTI, atá bunaithe sa dlí san Acht Sláinte 1970.

Aithníonn sé seo tinnis a bheadh incháilithe (qualify) do leigheas saor in aisce. Bhí ‘meabhairghalar’ceann de na tinnis sin, ach chuir na rialacháin teorainn dóibh siúd faoi bhun 16 bliana d’aois.

Bhí an scéim i bhfeidhm ar feadh níos mó ná 40 bliain go dtí 2012, nuair a chinn an tArd-Aighne nach raibh aon bhunús dlí leis an teorainn sin tar éis ritheadh an Achta um Stádas Comhionann (Equal Status Act) i 2000 agus go raibh sé idirdhealaitheach.

Ag an am bhí dhá rogha ag an Rialtas; an chatagóir ‘meabhairghalar’ a bhaint den Scéim LTI, rud a d’fhágfadh go gcaillfeadh daoine faoi 16 bliana d’aois a dteidlíocht, nó go n-áireofaí déagóirí níos sine agus daoine fásta. Mar sin féin, chosnódh sé sin níos mó airgid ar an Stát agus bheadh an baol ann go mbeidh brú ar an Rialtas mar gheall ar an fhadhb.

I ndeireadh na dála, ní dhearna an Roinn Sláinte ceachtar acu, fiú tar éis d’oifig an ard-aighne rabhadh a thabhairt go raibh riosca éagóir shibhialta ann.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram