Gheobhaidh an Taoiseach Leo Varadkar agus an tAire Fiontar Simon Coveney breis agus €500,000 eatarthu mura seasfaidh siad don Dáil an chéad uair eile.
Agus é sin chomh maith lena n-íocaíochtaí pinsin.
Agus gheobhaidh 12 Teachta Dála eile de chuid Fhine Gael íocaíochtaí ollmhóra freisin mar go bhfuil siad ag éirí as an Dáil.
Beidh pinsin dar luach €18 milliún le roinnt ag na 14 Teachta Dáil de chuid Fhine Gael atá ag éirí as.
Ina measc tá iar-airí sinsearacha Richard Bruton, Charlie Flanagan, Joe McHugh agus Michael Creed. I measc na dTeachtaí Dála eile atá ag imeacht tá Brendan Griffin, John Paul Phelan, Paul Kehoe, Ciarán Cannon, Josepha Madigan, Fergus O’Dowd, agus David Stanton.
Tá an t-iar-aire de chuid Fhine Gael Eoghan Murphy tar éis an Dáil a fhágáil cheana féin.
Níl sé deimhnithe go fóill ag Varadkar agus Coveney – atá ag feidhmiú mar airí sinsearacha le 13 bliana anuas – an seasfaidh siad sa chéad toghchán eile.
Mar sin féin, tá sé ráite ag foinsí sinsearacha páirtí nach bhfuil siad ag súil leis.
Nuair a théann siad ar scor ón Dáil gheobhaidh siad íocaíochtaí scoir agus is ionann na híocaíochtaí scoir agus tuarastal 14 mhí. Faigheann siad dhá mhí láithreach agus an chuid eile thar 12 mhí.
Beidh na híocaíochtaí níos airde ná íocaíochtaí roimhe seo mar gheall ar arduithe pá nua do pholaiteoirí, a foilsíodh go ciúin ar shuíomh Gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (Department of Public Expenditure and Reform) Dé hAoine.
Mar thoradh ar na harduithe pá nua, beidh an tUasal Varadkar i dteideal pacáiste téarfa (severance package) €278,937, má chinneann sé gan dul san iomaíocht sa chéad olltoghchán eile, a bheidh le tarlú faoi Mhárta seo chugainn.
Tá iar-Tánaiste an tUasal Coveney i dteideal íocaíocht scoir mheasta de €236,303.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.