‘Harris ag fáil comhairle ó Phil Hogan le seachtainí anuas’

22/03/2024

Bhí tacaíocht láidir ag Harris ó Hogan, arbh éigean dó éirí as mar gheall ar ‘Golfgate’ nuair a bhí Leo Varadkar ina Thaoiseach

Bhí iar-Choimisinéir an Aontais Eorpaigh Phil Hogan ag cur comhairle ar Simon Harris faoi conas a bheith ina Thaoiseach ‘ar feadh roinnt seachtainí’ roimh éirí as Leo Varadkar.

Creidtear go mbraitheann an tUasal Hogan go ndearna Varadkar feall air (betrayed him), nuair a cuireadh iallach air éirí as mar Choimisinéir Eorpach Trádála i 2020.

Tharla sé sin tar éis dó freastal ar dhinnéar Chumann Gailf an Oireachtais le linn na paindéime Covid-19, an rud a dtugtar ‘Golfgate’ air.

Phil Hogan agus Leo Varadkar
Phil Hogan agus Leo Varadkar

Dúirt roinnt foinsí go raibh Hogan ag cur comhairle ar an Uasal Harris maidir le pleanáil don ‘deis’, dar leis an Irish Daily Mail.

  ‘Bhí sé i dteagmháil le Harris. Tá mé cinnte go n-inis sé dó cad ba ghá dó a dhéanamh, plean a bheith aige, agus dul amach go luath,’ a dúirt siad.

D’fhógair Varadkar go raibh sé ag éirí as oifig Dé Céadaoin, agus d’fhógair Harris go foirmiúil go raibh sé ar intinn aige seasamh oíche Déardaoin, tar éis dó tacaíocht mhór a fháil ó bhaill an pháirtí cheana féin.

Dúirt foinse amháin: ‘Bhí Harris ag glaoch ar dhaoine ón nóiméad a tháinig deireadh le cruinniú an pháirtí pharlaimintigh [Dé Céadaoin] go dtí 1.30am.’

De réir an Irish Daily Mail bhí an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe agus an tAire Sóisearach Jennifer Carroll-MacNeill ag glaoch ar Theachtaí Dála agus ar sheanadóirí ag lorg tacaíochta dá bhfeachtais féin, ‘ach bhí sé ró-dhéanach’.

‘Bhí sé buaite ag Harris sula ndearna siad an rogha seasamh. Bhí sé seo á phleanáil aige le níos mó ná dhá bhliain, ag dul as a bhealach chun dul go dtí aon dáilcheantar a d’iarr Teachtaí Dála agus Seanadóirí air,’ a dúirt foinse páirtí amháin.

Dúirt Brendan Griffin, TD de chuid Fhine Gael atá ag éirí as sa chéad toghchán eile: ‘Bhí a chuid obair bhaile déanta aige agus nuair a tháinig an deis, bhí sé réidh – agus ní de thimpiste a tharlaíonn sé sin.’

Dheimhnigh Harris go foirmiúil go raibh sé ar intinn aige seasamh oíche Déardaoin, ag rá leis an Six-One News: ‘Táim réidh chun céim suas a thabhairt agus táim réidh chun seirbhís a dhéanamh. (ready to serve).’

Bhí tacaíocht sheisear ball de pháirtí parlaiminte Fhine Gael ag teastáil uaidh ach oíche Déardaoin bhí 37 ball tar éis a dtacaíocht a dhearbhú dó.

Is iar-aire de chuid Fhine Gael é Hogan a bhí sa Chomh-aireacht (Cabinet) ar feadh naoi mbliana agus tá tacaíocht láidir aige sa pháirtí.

Bhí sé ríthábhachtach chun cabhrú leis an iar-Thaoiseach Enda Kenny teacht slán as brú ina aghaidh de chuid Richard Bruton i 2010.

Bhí ról lárnach ag Hogan in atógáil Fhine Gael a chuir Varadkar i gcumhacht ar deireadh thiar i 2017.

Dúirt ball amháin gur thóg ‘na daoine ar fad a thug tacaíocht do Kenny a tacaíocht do Harris freisin’.

Dúirt siad nach mbeadh Enda Kenny slán tar éis iarracht Richard Bruton murab é Phil Hogan, Paul Kehoe agus Paddy Burke.

Simon Harris
Simon Harris

Ba é an tUasal Kehoe, TD do Loch Garman, príomh-aoire (Chief Whip) an pháirtí ag an am, agus fuair an Seanadóir Paddy Burke, leas-Chathaoirleach an tSeanaid ag an am, tacaíocht na Seanadóirí.

D’fhreastail Burke ar dhinnéar ‘Golfgate’ freisin agus chuir Varadkar iallach air éirí as Coimisiún an Oireachtais mar gheall ar a fhreastal ar an dinnéar.

Thug Kehoe agus Burke tacaíocht phoiblí do Harris Déardaoin.

In agallamh le iar-chraoltóir RTÉ Seán O’Rourke, dúirt Hogan go gcreideann sé  gurbh fhéidir go mbeadh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen sásta é a choinneáil ina phost dá mbeadh tacaíocht ag Leo Varadkar agus Micheál Martin dó.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram