Más mian leat néaltrú (dementia) a sheachaint tá seans níos fearr agat trí: níos lú alcóil a ól; truailliú tráchta (traffic pollution) a sheachaint; agus níos lú bianna is cúis le diaibéiteas cineál 2 (type 2 diabetes) a ithe.
D’aithin taighdeoirí roimhe seo go bhfuil cuid lag den inchinn a thosaíonn ag meathlú (degenerate) de réir mar a théimid in aois.
Anois, tá sé ráite i staidéar go bhfuil rudaí ann is féidir linn a dhéanamh a mbeidh an éifeacht is mó acu ná dul in aois, rud nach féidir linn a sheachaint.
Tá imní in Éirinn nach bhfuil an néaltrú á dhiagnóisiú i roinnt daoine a bhfuil sé acu, agus tá sé tuartha ag an HSE (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, FSS) anois go bhféadfadh néaltrú a bheith ag 150,000 duine faoi 2045 in Éirinn.
Mar sin féin, ní bhfuair ach 36% de na daoine atá 70 bliain d’aois agus níos sine a bhfuil néaltrú orthu in Éirinn, agus a ligeadh isteach san ospidéal iad, diagnóis fhoirmiúil air.
Chuir eolaithe Ollscoil in Oxford liosta le chéile de na rioscaí ar cheart dúinn a sheachaint má theastaíonn uainn stop a chur le néaltrú agus muid ag dul in aois.
Tá an staidéar bunaithe ar scanadh inchinne (brain scans) ar 40,000 duine os cionn 45 bliain d’aois.
Ba iad na trí thoisc (factors) is tábhachtaí, in ord, ná: diaibéiteas (diabetes), truailliú a bhaineann le trácht agus ólachán alcóil.
I measc na gcatagóirí eile bhí: brú fola ard, colaistéaról, meáchan, caitheamh tobac, athlasadh (inflammation), éisteacht, codladh, sóisialú (socialising) agus aclaíocht (exercise).
Dúirt an tOllamh Gwenaelle Douaud, a bhí i gceannas ar an staidéar: ‘Tá a fhios againn go dtagann meath (degeneration) ar ghrúpa de réigiúin inchinne agus muid ag dul in aois, agus sa staidéar nua seo tá sé léirithe againn gurb iad na réigiúin shonracha seo den inchinn is mó atá i mbaol le diaibéiteas, alcól agus truailliú aeir a bhaineann le trácht.’
Tá an staidéar foilsithe san iris Nature Communications.
1. Diaibéiteas
2. Truailliú a bhaineann le trácht
3. Alcóil
4. Meáchan
5. Codladh
6. Caitheamh tobac
7. Brú fola
8. Aclaíocht (exercise)
9. Éisteacht
10. Athlasadh (Inflamation)
11. Sóisialú (Socialising)
12. Colaistéaról
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.