Shuí máthair chroíbhriste ag uaigh a leanbh, Taidhg, agus léigh sé an leabhar do pháistí a scríobh sí chun cuimhne air.
Ní raibh Taidhg Cotter ach sé seachtaine d’aois nuair a fuair sé bás de bharr riocht sláinte annamh a d’fhág nach dtiocfadh forbairt ar thaobh clé a chroí.
Scríobh Ruth, as Léim an Bhradáin (Leixlip), Contae Chill Dara, an leabhar, ‘Taidhg the Tiger & his Little Ticker’, óir b’é an rud a thaitneodh le Taidhg a léamh dá dtiocfadh sé slán.
Fuair sí smaoineamh ar an tíogar ó stríoc (stripe) cosúil le tíogar a bhí ar cliabhrach Taidhg, tar éis obráid chroí oscailte a bhí aige, ceithre lá tar éis a bhreithe.
‘Nuair a bhí mé á scríobh, mhothaigh mé go raibh sé ar ais sa teach liom. An bealach a chonaic mé é, rinne sé tuismitheoirí dúinn, agus cé go raibh saol chomh gearr aige, ba cheart é a chomóradh.
‘Bhí a fhios aige nach ndéanfaí dearmad choíche air.’
Dúirt Ruth, atá 31 bliain d’aois, gur ar éigean a d’éirigh léi feidhmiú mar gheall ar bhás Thaidhg.
Mar sin féin, dhéileáil athair an linbh Colin go hiontach le brón na lánúine, a dúirt sí.
Dúirt Ruth: ‘Níor theastaigh uaim éirí as an leaba, dul go dtí na siopaí, béilí a ullmhú – ní raibh aon tábhacht ag baint le mo bhrón.
‘Ach chabhraigh an chaoi a raibh mé ag iompar le mo pháirtí Colin a bheith ina chócaire maith. Bhí sé thar cionn ag déileáil lena mhothúcháin féin agus mar a bhí mé ag an am.
‘Ansin tháinig smaoineamh isteach i mo cheann chun leabhar a scríobh ar bhreá liom go mbeadh sé léite ag Taidhg dá dtiocfadh sé slán. Mar sin thosaigh mé ag scríobh ‘Taidhg the Tiger & his Little Ticker’.
‘Is leabhar do pháistí é. Nuair a bhí sé críochnaithe agam, bheartaigh mé suí ag a uaigh agus é a léamh dó. Ba é an rud is deacra a rinne mé riamh, agus ba rud é, a mhian liom le mo chroí iomlán, nach mbeadh orm a dhéanamh riamh.
‘Ag an am céanna bhí a fhios agam gurb é an rud ceart a dhéanamh, agus tá áthas orm go ndearna mé é.’
Is scéal e faoi bhuachaill beag le croí ar leith a chaithfidh am a chaitheamh san ospidéal, áit a mbíonn cairdeas aige le tíogar nach bhfuil stríoca aige.
Téann an bheirt ar eachtraí, ag fánaíocht ar bharda agus ar chonairí an ospidéil.
Thug na dochtúirí an rogha do Ruth foirceannadh toirchis (termination) a fháil tar éis di tinneas Thaidhg a fháil amach, nuair a bhí sí 20 seachtain ag iompar clainne.
‘Níor mheas mé riamh é sin. Ba é an smaoineamh iomlán a bhí againn ná “má rugadh é, tá seans aige” agus bhí an seans sin tuillte aige.
‘Bhí sé 8lb 10unsa nuair a rugadh é agus bhí ionadh ar na dochtúirí. Níor shíl siad go dtiocfadh sé tríd an obráid chroí oscailte ach rinne sé é sin.
‘Choimeád siad in ospidéal Chromghlinne (Crumlin hospital) é ar feadh míosa agus rinne siad dhá obráid chroí oscailte eile agus tháinig sé tríd iad sin freisin.
‘Bhí cead againn é a thabhairt abhaile agus coicís tar éis dúinn é sin a dhéanamh, bhí ár gcéad ghrianghraf teaghlaigh curtha in áirithe againn ach nuair a shroicheamar an stiúideo agus thugamar Thaidhg amach as an gcarr, chonaiceamar go raibh sé imithe go hiomlán liath.
‘Ghlaoigh an fhoireann ann otharcharr ach faoin am a shroich sé Cromghlinn bhí sé básaithe.
‘Is cosúil go bhfuil an leabhar tar éis dul i gcion ar dhaoine. Bhí páistí ár gcairde a léigh é ag insint dá gcomhscoláirí faoi Thaidhg, agus nuair a roinneamar a scéal ar na meáin shóisialta bhí an fhreagairt ó dhaoine fásta dochreidte.
‘B’fhéidir nach raibh sé ar an talamh seo ach le sé seachtaine ach rinne Tadhg teaghlach ceart dúinn agus bhraith mé gurb é an rud ba lú a d’fhéadfainn a dhéanamh ná a chinntiú go gcuimhneofaí air.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.