Duine amháin marbh agus 21 duine eile gortaithe ag ceiliúradh Super Bowl i Kansas City

Dúirt na póilíní go bhfuil triúr faoi choimeád (in custody) in Kansas tar éis an lámhaigh (shooting) ach go raibh siad ag iarraidh a fháil amach cad a tharla

D’fhág lámhach in aice le Union Station Kansas City sna Stáit Aontaithe duine amháin marbh agus ar a laghad 21 duine eile le créachtaí (wounds) gunna ar an gCéadaoin.

Bhí ceiliúradh ar siúl in Kansas City tar éis bua an Super Bowl ach aithrigh sé go dtí radharc uafásach le na mílte lucht leanúna i ngeansaithe dearga ag rith ar mhaithe le sábháilteacht.

Ní raibh sé soiléir cé a bhí freagrach. Tá triúr faoi choimeád, a dúirt ceannasaí na bpóilíní i Kansas City Stacey Graves ag comhdháil nuachta.

Bhí  an pharáid ann Dé Céadaoin chun bua Super Bowl na Kansas City Chiefs a cheiliúradh agus bhí na céadta míle duine ar sráideanna na cathrach
Bhí  an pharáid ann Dé Céadaoin chun bua Super Bowl na Kansas City Chiefs a cheiliúradh agus bhí na céadta míle duine ar sráideanna na cathrach

Níor ainmnigh sí iad ag an am.

D’iarr Ms Graves ar an bpobal aon fhíseán nó faisnéis eile a sholáthar a d’fhéadfadh cabhrú leis na húdaráis a chinneadh cad a tharla.

Bhí  an pharáid ann Dé Céadaoin chun bua Super Bowl na Kansas City Chiefs a cheiliúradh agus bhí na céadta míle duine ar sráideanna na cathrach.

Ach thosaigh lámhach in aice le Union Station, lárionad idirthurais agus mol turasóireachta i lár an bhaile, timpeall 2in am áitiúil.

Dúirt go leor den lucht freastail go raibh sé deacair fios a bheith acu cá háit le dul.

Ar dtús, bhí cuma ar an torann cosúil le tinte ealaíne, a dúirt Ian Johnson, a bhí ag díol ‘hot dogs’ ann.

Go dtí gur thosaigh an lucht leanúna ag rith níor thuig sé go raibh lámhach ar siúl.

Bhí Courtney Brown, a bhí mar chuid den lucht leanúna, agus a bheirt mhac gar don stáitse nuair a thosaigh an trioblóid. Níor chuala sí an torann, a dúirt sí. Ach chuala sí duine ag béicíl: ‘Get down! ‘


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram