An é sin é? Ár samhradh? An mbeidh níos mó gréine againn an tseachtain seo? 

22/04/2024

Deir Met Éireann go mbeidh sé tirim don chuid is mó ar feadh na seachtaine ach nach mbeidh solas na gréine againn 

Bhí muidne in Éirinn ag baint sult as an aimsir le solas na gréine mar atá sa Spáinn le cúpla lá anuas – ach an mairfidh sé? 

Ar an Domhnach, bhí an teocht chomh hard le 19C, cosúil leis an saghas teochta a fheictear de ghnáth ar an mór-roinn. 

Tháinig an dea-aimsir isteach le déanaí mar gheall ar an ardbhrú (high pressure), a thug isteach spéartha gorma ar fud na tíre tar éis seachtainí de bháisteach gan staonadh. 

Mar sin féin, ní bheidh an tseachtain amach romhainn chomh te agus chomh grianmhar is a bhí Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh. 

Táthar ag súil le titim teochta Dé Máirt nuair a cheaptar go gclúdóidh beagán báistí agus scamaill Cúige Chonnacht agus Chúige Mumhan. 

An mbeidh solas na gréine againn arís?
An mbeidh solas na gréine againn arís?

Mar sin féin, beidh aimsir níos grianmhaire i gCúige Laighean agus i gCúige Uladh agus leathnóidh sé chuig formhór na gceantar faoi mheán lae agus leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh an chuid eile den lá. 

Beidh na teochtaí is airde idir 11C agus 16C le gaotha measartha ó thuaidh. 

Mar sin féin, beidh Dé Céadaoin níos fuaire cé go mbeidh sé tirim i bhformhór na gceantar le Tréimhsí gréine agus b’fhéidir cúpla cith éadrom. 

Ach i rith an lae beidh an teocht idir 10C agus 13C agus beidh gaotha éadroma ó thuaidh ann. 

Mar sin is féidir linn a bheith ag súil le hathrú mór ón aimsir a bhí againn ag an deireadh seachtaine. 

Mar an gcéanna, beidh oíche Céadaoin fuar ach beidh tréimhse ghlan ann agus beidh sioc in áiteanna freisin, leis na teochtaí is ísle idir -1C agus +3C céimeanna. 

Deir Met Éireann: ‘Beidh an Déardaoin fuair agus tirim go príomha. Beidh go leor scamall agus cúpla cathanna ann. Is dócha go mbeidh siad seo san iardheisceart. 

‘Beidh na teochtaí is airde idir 9C agus 12C le gaotha. 

‘Beidh oíche Déardaoin fuar le tréimhsí glan agus le sioc in áiteanna. Beidh na teochtaí is ísle idir -2C agus +2C céim.’ 

Beidh an Aoine fuar ach tirim agus beidh na teochtaí is airde idir 8C agus 11C. 

Teas na gréine thar an deireadh seachtaine
Teas na gréine thar an deireadh seachtaine

Beidh oíche hAoine fuar le tréimhsí glan agus le sioc in áiteanna. Beidh na teochtaí is ísle idir -1C agus +2C céim. 

Agus cad faoin deireadh seachtaine? Deir Met Éireann: ‘Tá an chuma atá ann don deireadh seachtaine seo chugainn éiginnte. 

‘I láthair na huaire tá an chuma ar an scéal go mbeidh aimsir thirim ann Dé Sathairn le cúpla cith. 

‘Is cosúil gur lá níos scamallaí a bheidh ann Dé Domhnaigh le ráigeanna báistí. Leanfaidh sé fionnuar le teocht timpeall 9C go 1C2 céim.’ 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram