

Nuair a bhí Caoimhe Ní Chathail ag obair mar léiritheoir ar Tour de Fred, an tsraith cáiliúil de chuid ITV, ina mbíonn an cocaire Fred Sirieix ag taisteal timpeall na tíre, bhí sé mar phribhléid aici ‘Éire a chur chun cinn ar ardán ar nós ITV’.
Bhain Caoimhe sult as ‘spotsolas a chur ar na daoine iontacha atá ar fud fad na tíre: an bia, an teanga, agus an ceol’, rudaí a mbíonn croí Caoimhe istigh ann.
D’fhás Caoimhe Ní Chathail aníos i Litir Ceanainn i gContae Dhún na nGall, baile margaidh atá suite ar an tSúileach (River Swilly).
Tá sí aitheanta dúinn mar láithreoir teilifíse BBC Gaeilge agus TG4. Agus má tá tú sa Tuaisceart, táim cinnte go bhfuil a guth cloiste agat ar Bhlas ar BBC Raidió Uladh.
‘Thaitin sé go mór liom a bheith ag fás aníos i Litir Ceanainn. Is dócha go raibh an t-ádh orainn go raibh muid iontach gearr don bhaile mór. Bhí neart cairde agam thart faoin bhaile agus mise an duine is sine de cheathrar. Mar sin, ní raibh aon easpa comhluadar agam am ar bith.

‘Chaith muid go leor ama amuigh ag súil, agus cuairt a thabhairt ar aiteannaí cosúil le Dún Luiche, agus ag snámh san fharraige ar fud fad na contae. Sílim go raibh sé mar bhuntáiste mór agam agus mé ag fás aníos. Is breá liom a bheith taobh amuigh.
Tá Caoimhe paiseanta faoi chúrsaí timpeallachta. Chuir sí Éadaí SOS i láthair le Proinsias Ó Coinn chun aird a thabhairt ar an damáiste is féidir lenár nósanna éadaí a dhéanamh dár ndomhan.
‘Bhí sé (an timpeallacht) i gcónaí mar chuid de mo thógáil. Thosaigh mé ag dul chuig siopaí carthanacha’ a dúirt sí.
Thuig mé gur b’fhearr sin ná a bheith ag ceannacht an méarfhaisin (fast fashion). Tuigim nach bhfuil sé sin i gcónaí furasta nó indéanta againn. Sílim gur bealach é a bheith cruthaitheach agus aire a thabhairt ar an timpeallacht’.

‘Bhí Gaeilge ag mo mhamaí, agus is dócha go ndearna siadsan cinneadh muid a sheoladh chuig Gaeilscoil. Is dócha go raibh sé mar bhrionglóid agam freastal ar an ollscoil i mBaile Átha Cliath.
‘Bhí i gcónaí suim agam i gcúrsaí teilifíse. Bhí mé ag iarraidh a bheith in san domhain sin. Ach níor thuig mé caidé é sin a dhéanamh. Ach san idirbhliain, tháinig mé ar chúrsa Gaeilge agus Iriseoireacht in Ollscoil Cathair Bhaile Átha Cliath. Thuig mé gur sin díreach a bhí uaim.
‘Bhí sé deacair ag an tús, ag bogadh ar shiúl ó áit chomh galánta le Dún na nGall. Is maith liom i gcónaí dul ar ais ar chuairt.
Bhí Caoimhe gafa leis an cheol ó aois óg.
‘Bhí mé ag canadh ag achan deis go bhfuair mé. Bhí mé páirteach i gceoldrámaí sa scoil agus taobh amuigh den scoil. Is dócha gur ar an bhealach sin a shíl mé go raibh mé ag dul… cúrsaí ceoil agus drámaíochta.
‘Ach ansin thuig mé gur thaitin sé go mór liom a bheith ar an raidió, agus i mbun agallaimh.

‘Nuair a bhí mé páirteach le togra darbh ainm Beo agus mé san idirbhliain, bhí mé faoi agallamh go min minic. Agus fosta, bhí mé ag cur bannaí ceoil faoi agallamh.
‘Thuig mé go raibh trasnacht idir na rudaí a thaitin liom – an taibhiú, an léiriú, an ceol agus an chraoltóireacht. Is as sin a mhúscail mo shuim.
‘Is é an chuid is fearr liom de mo phost ná is breá liom a bheith beo ar an raidió. Tá sé mar phléisiúr na cuairtí seo a bheith agam.
‘Thaitin an raidió go mór liom agus mé ag fás aníos. Bhí mé iontach tógtha. Bheinn ag éisteacht leis an raidió san oíche nuair a bhí mé in am is a bheith i mo luí.
Creideann Caoimhe go bhfuil sé fíorthábhachtach ionadaíoch a dhéanamh ar mhuintir na nGael ó Thuaidh ar an BBC.

‘Sílim an rud atá le cuimhniú i gcónaí ná go bhfuil an BBC ar an oileán seo. Seó Oileán na hÉireann, agus tá neart daoine a fhaigheann nuacht agus scéalta, agus a mbíonn ag éisteacht leis an raidió agus ag féachaint ar chláracha de chuid an BBC ó Thuaidh.
‘Sílim go bhfuil sé ionadaíoch ar go leor do mhuintir an oileán seo. Is dócha sprioc atá ag an BBC a bheith ionadaíocht ar regiún. Agus is régiún é an sé chontae.
‘Le mionteanga ar bith, tá na meáin chumarsáide de dhíth. Tá sé ríthábhachtach go bhfuil an BBC ionadíaoch orainn mar Ghaeil.
‘Sílim go bhfuil sé iontach tábhactach go bhfuil an BBC lonnaithe sa régiún mar atá ó Thuaidh. Tá mise iontach bródúil le bheith bainteach le BBC Gaeilge.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.