‘Caithfidh tú seans a thapú’ – scéal spreagúil Seosamh Mac Seoin (Joseph Jones), láithreoir Cúla4

Ó Iarthar Bhéal Feirste go Nua Eabhrac… agus thar n-ais arís! Níl aon rud chun dul i ngleic le Seosamh

Bhí Seosamh Mac Seoin i mbun cúrsa forbartha sé seachtaine le Fíbín i gConamara nuair a fuair sé an seans.

Dúirt sé: ”Chonaic mé go raibh Cúla 4 ag lorg láithreoirí úra. Chuir mé físeán isteach. Ansin, bhí triail láithreoireachta agam.

‘Sílim go bhfuair mé amach an tseachtain chéana go raibh siad ag iarraidh mé a bheith i mo láithreoir. An rud atá greannmhar fá ná gur bhuail mé le Karina (bainisteoir Cúla4) mí roimhe sin ag an Belfast Media Festival.

‘Chuir mé ceist uirthi cén dóigh go dtig liomsa a bheith i mo láithreoir don stáisiún nua seo? Ní raibh post ann ag an am. Ach tharla sé ag an deireadh. Caithfidh tú tú fhéin a chur amach ansin.’

Seosamh Mac Seoin
Seosamh Mac Seoin. Pictiúr: Curtha ar fáil

Nuair a bhí Seosamh ina pháiste, bhí sé ag iarraidh Éire a fhágáil. Ní hé gur fuath leis an tír é, ach níor chreid an buachaillín as Iarthar Bhéal Feirste go raibh sé ábalta a fhéiniúlacht a aimsiú anseo.

Anois, tá sé mar cheann de na daoine is aitheanta ar theilifís na Gaelainne. Conas a tharla sé sin?

IMG 4538
Úsáideann Seosamh a hainm Béarla, Joseph Jones, agus é ag obair mar mhainicín agus aisteoir/scannánóir. Pictiúr: Curtha ar fáil

Is scannánóir, agus mainícín é Sheosamh a mbíonn ag obair mar cheann de na príomh-láithreoirí Cúla4. Thóg sé a ghearrscannán rathúil, Glacaim, go Nua Eabhrac agus Los Angeles.

D’oibrigh sé mar mhainicín le Vogue, Elle, agus Harper’s Bazaar.

Conas a dtuigfeadh buachaill óg Éireannach é seo fiú?

‘Pobal bríomhar, láidir, agus paiseanta atá ionann (muintir Iarthar Bhéal Feirste), agus ceantar lucht oibre lán le laochra, agus ceannródaithe na Gaeilge agus na staire.

‘Tá mé bródúil as mo cheantar féin. Ach, caithfidh mé a rá gur fhág na Trioblóidí agus coilíniú lorg trom ar an bpobal,’ arsa Seosamh.

‘Ag fás aníos agus mé i mo ghasúr óg aerach, bhí sé deacair. Ní raibh aithne agamsa ar mórán daoine aiteach i mo cheantar. Ach, bhí muid ann.

‘Thacaigh mo chlann i gcónaí liom agus tá mé iontach buíoch dá sin.’
Bhí a fhios ag Seosamh go raibh sé chun a bheith ina shiamsóir nuair a bhí sé cúig bliana d’aois. Nuair a chonaic sé an meaisín karaoke agus a chlann ar saoire in Tenerife, bhí air seó a chur ar siúl.

Agus é ag gáire, dúirt sé, ‘Cuimhním a bheith ag ceol Hey Baby ar an stáitse gan eagla, agus an lucht féachana ag baint sult as.’

Seosamh Mac Seoin
Seosamh Mac Seoin Pictiúr: Curtha ar fáil

Rinne Seosamh an cinneadh cróga bogadh go Nua Eabhrac i 2015 – ‘dhá mhí ina dhiaidh na meánscoile’. Fuair sé áit sa Neighbourhood Playhouse School of the Theatre, scoil drámaíochta a bhfuil cáil uirthi i Manhattan.

I measc na hiarmhic léinn cáiliúila tá Diane Keaton, Robert Duvall, agus Jeff Goldblum.

‘Bhí sé suntasach. Bhí sé dochreidte,’ arsa Seosamh. ‘Cuimhnímse an chéad lá. Bhí orainn monalóg a chur le chéile.

‘Chuir mé go leor oibre isteach ann. Bhí mé réidh. Rinne mé mo mhonológ. Bhí mé chomh sásta liom féin. Ach dúirt an múinteoir liom: “That sounded great. But we didn’t understand a word you said” – mar gheall go raibh mo bhlas iontach láidir, agus ní raibh mé cleachtadh leis na Meiricéanaigh. Ach bhí sé ar fheabhas. Bhain mé an sult as.’

Seosamh Mac Seoin
Pictiúr: Curtha ar fáil

‘Bhí a fhios agam go raibh Nua Eabhrac difriúil mar áit mhuiníneach. Bhí mé gafa leis an chathair, agus an dearcadh sin.

‘Sílim go raibh mé ag iarraidh éalú ón tír seo. Mhothaigh mé nach raibh deiseanna anseo dom. Ach, caithfidh mé a rá nach bhfuil an dearcadh sin agam níos mó.

‘Deirimse i gcónaí gur fhás mé aníos mar dhéagóir in Éirinn, ach d’fhás mé aníos mar dhuine fásta i Nua Eabhrac. Tháinig mé amach trí mhí ina dhiaidh bogadh thall go Nua Eabhrac.

‘Bhí mé thall ann ar feadh seacht mbliana. Tá mé i bhfad níos muiníní mar gheall ar Nua Eabhrac. Tá mé iontach buíoch den am sin i mo shaol.’

D’fhobair Seosamh dearcadh difriúil faoinár dtír agus é i Nua Eabhrac. Nuair a bhí air teacht thar n-ais anseo le linn Covid, chuir sé feabhas ar a chuid Gaeilge arís, mar ní raibh sé ag úsáid í agus é thar sáile.

‘Thit mé i ngrá leis an tír seo arís, mar gheall ar an nGaeilge, a dúirt sé.’

Bhog sé thar n-ais go Nua Eabhrac ar feadh dhá bhliain eile. Ach nuair a bhí sé réidh le teacht thar n-ais, ní raibh aon rud chun stop a chur leis. Thosnaigh sé ag láithriú ar Cúla4 i 2023.

IMG 1521

Tá Seosamh Mac Seoin, nó Joseph Jones, ina scannánóir iontach fosta.

‘Chruthaigh mé gearrscannán darbh ainm Glacaim, scannán lonnaithe i gCúige Uladh. Tá fear ag fáil réidh do lá a bpósadh. Ach, níl mar a shíltear a bhítear. Bhí an scannán le taispeáint ar fud na cruinne.

‘Táim iontach buíoch den chriú, do na haisteoirí agus an scannán féin. Tá sé fite fuaite le tú a chur amach ansin. Caithfidh tú do dheiseanna féin a chruthú, agus a bheith muiníneach.

‘B’fhéidir nach n-oibríonn rudaí. B’fhéidir nach noibríonn achan rud. Ach caithfidh tú an seans a thapú.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram