

Le blianta anuas, bhí dhá ainm i réim ar liostaí ainmneacha leanaí is mó tóir in Éirinn. Agus roinnt nuachta a thaitníonn linn a chloisteáil le linn Sheachtain na Gaeilge: tá ainmneacha Gaeilge ag éirí coitianta
Ba é Jack an t-ainm ba mhó tóir ar bhuachaillí, agus bhí Sophie ar bharr an liosta ainmneacha do chailíní nuabheirthe.
Ach, den chéad uair le blianta, tá an dá ainm seo curtha den ardán, agus ina n-áit, tá dhá cheann nua is fearr le tuismitheoirí Éireannacha.

De réir staitisticí ón bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO), ba é Rían an t-ainm ba mhó tóir ar bhuachaillí, agus ba é Lily an t-ainm ba mhó tóir ar chailíní anuraidh. Tagann an t-ainm Rian ón tSean-Ghaeilge agus ciallaíonn sé ‘an rí beag’.
Go deimhin, ba iad na cúig ainm is mó tóir ar bhuachaillí i 2025 ná (5) Oisín, (4) James, (3) Noah, (2) Jack agus barr an chairn – Rían ag uimhir 1.
Cé gur iad na cinn is mó a roghnaíodh do na cailíní ná (5) Sadie, (4) Grace, (3) Fiadh, (2) Éabha agus sa chéad áit, Lily.
D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh roinnt ainmneacha atá ag éirí níos coitianta i mbliana, agus iad ag teacht isteach sna 100 is fearr, agus ina measc seo tá Naoise, atá coitianta do bhuachaillí agus do chailíní sa 88ú háit, agus Raya, atá beagáinín aitheanta ach atá ag éirí coitianta, a léim suas 114 áit go dtí an 99ú háit ar an liosta.
I measc na n-ainmneacha nua atá ag teacht isteach sna 100 is fearr tá Levi, Conall, Elijah, agus Teidí do bhuachaillí, agus Ríadh, Gracie, Arabella, Nancy agus Mabel ag iarraidh tóir a bhaint amach do chailíní.

Ach léiríonn taifid ón bPríomh-Oifig Staidrimh ó 50 bliain ó shin an chaoi ar athraigh na hainmneacha, agus tá na hainmneacha coitianta ag dul i léig sa bhliain 2026.
Tháinig ainmneacha cosúil le John agus Mary amach ar bharr an liosta sa bhliain 1975, ach níl siad le feiceáil go minic na laethanta seo, agus is beag seans go gcloistear ainmneacha cosúil le Brian, Paul, Derek agus Greg do bhuachaillí nuabheirthe an lae inniu.
Bhí smaointe an-difriúla ag tuismitheoirí maidir le hainmneacha a thabhairt dá leanaí sna 1970idí, agus ainmníodh formhór againn de ghlúin áirithe i ndiaidh aintíní nó seanmháithreacha ar cheachtar taobh den teaghlach, ach ní tharlaíonn sé sin chomh minic na laethanta seo.
I mo sheomra ranga féin sna 1980idí, bhí trí Joan, ceathrar Mary, agus roinnt ainm mar Anne agus Annemarie, Teresa, Majella, agus Valerie, ainmneacha nach gcloiseann tú ar chor ar bith a thuilleadh.
Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag bailiú sonraí ar ainmneacha leanaí in Éirinn ó 1964, agus is léitheoireacht spéisiúil í. Más mian leat a fheiceáil cá bhfuil d’ainm le feiceáil ina liostaí, is féidir leat an fhaisnéis sin a fháil ANSEO.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.