Féile na Gealaí ag ceiliúradh deich mbliain ar an bhfód

Beidh Féile na Gealaí thar n-ais i nGaeltacht Ráth Cairn, Contae na Mí, ón 5ú-6ú Meitheamh. Bí cinnte do phéire buataisí do threalamh campála a thabhairt leat

Cuireadh tús le Féile na Gealaí i 2016 chun ardán a thabhairt do cheolteoirí a raibh fonn orthu ealaíon a chruthú trí mheáin na Ghaelainn.

Cé nach raibh ceol nua-aimseartha na Gaelainn chomh saibhir is atá sé anois, chreid bunaitheoirí, léiritheoir agus stúirthóir Edel Ní Churraoin, eagarthóir Hannah Ní Bhaoill agus craoltóir raidió agus teilifís Caoimhe Ní Chathail go raibh an spás sin de dhíth ag ceoltóirí na tíre seo.

Féile na Gealaí. Pictiúr Claire LoughranCurtha ar fáil
Féile na Gealaí. Pictiúr: Claire Loughran/Curtha ar fáil

Is cinnte go bhfuil ceiliúradh mór a bheidh ar siúl acu. Beidh Féile na Gealaí thar n-ais i nGaeltacht Ráth Cairn, Contae na Mí, ón 5ú-6ú Meitheamh. Bí cinnte do phéire buataisí do threalamh campála a thabhairt leat!

I measc na gceoltóirí i mbliana tá SexyTadhg, Huartan, Superceilí agus Baby Guinness.

Féile na Gealaí. Pictiúr Claire LoughranCurtha ar fáil 1
Féile na Gealaí 2026 Pictiúr: Claire Loughran/Curtha ar fáil

Dúirt Caoimhe Ní Chathail: ‘Tá muid á reáchtáil anois ar feadh deich mbliana. Beidh muid ag déanamh ceiliúradh mór i mbliana ar an bhféile.

‘An sprioc atá againn ná ardán a thabhairt do cheoltóirí chomhaimseartha na Gaeilge, ach fosta na healaíona dúchasacha.

‘Bíonn deireadh seachtaine lán do cheol i nGaeilge agus i nGaidhlg, agus imeachtaí éagsúla agus imeachtaí teaghlaigh eagraithe againn achan bliain.

‘Tá muid ag fás ó 2016 ann. Tá muid iontach bródúil as líon na gceoltóirí a tháinig tríd. B’fhéidir go raibh a chéad ghig acu ag Féile na Gealaí.

Féile na Gealaí
Pictiúr: Claire Loughran/Curtha ar fáil

‘Is léir dúinn go bhfuil réimsí de sheánraí ar fáil anois i nGaeilge, rud nach raibh fíor deich mbliain ó shin agus muid ag tosacht amach leis an bhféile.

‘Sílinn muidne gur chuid lárnach de hathbheochan na Gaeilge í féile cheoil a chur ar fáil. Tá spásanna mar sin de dhíth ag daoine – a bheith ag sóisialú do mhuintir na Gaeilge agus muintir na Gaeltachta. Bíonn muidne ag tabhairt an deis sin do dhaoine achan samhradh.

Má tá spéis agat freastal ar Fhéile na Gealaí, tá ticéid ar fáil ANSEO


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram