Féile na Bealtaine: Daoine bródúil as gach gné a bhaineann le Chorca Dhuibhne

Cé go bhfuil Féile na Bealtaine dírithe ar phobal ilteangach, cuireann sí béim ar na himeachtaí Gaelainn

Is í Féile na Bealtaine ceann de na féile ealaíonta pobal is mó in Éirinn. Bhí níos mó ná 170 ócáid ilteangacha curtha ar siúl ag an fhéile bliantiúl sa Daingean.

Tagann daoine fasta agus páistí le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar an ealaíon i gCorca Dhuibhne, agus gan amhras, ar ealaín na hÉireann chomh maith.

Ba í téama na féile i mbliana ná Ealaintóirí na Spéire.

Féile na Bealtaine. Pictiúr Allen KielyCurtha ar fáil
Pictiúr: Allen Kiely/Curtha ar fáil

Cuireann sí béim ar cheiliúradh ealaíne na hÉireann – litríocht, filíocht, scannáin, drámaíocht, greann, damhsa agus ceardaíocht.

I ráiteas ó Fhéile na Bealtaine, dúradar: ‘Tugann an Fhéile deis dúinn a bheith bródúil as gach gné a bhaineann le Chorca Dhuibhne, muintir na Leithinise ach go háirithe.

‘Gurbh fhada buan sibh! Is féile í a scaipeann cairdeas, a fháiltíonn daoine nua agus seanchairde thar n-ais go Chorca Dhuibhne gach Bealtaine.’

Féile pobal deonach atá inti. Bunaíodh Féile na Bealtaine chun ardán a thabhairt do shloinneadh ealaíonta.

Cé go bhfuil Féile na Bealtaine dírithe ar phobal ilteangach, cuireann sí béim ar na himeachtaí Gaelainn.

Chuir foireann Cúla4 Ceardlann Puipéadaíochta Telifiíse ar siúl, a bhí á chur i láthair ag láithreoir Cúla4 Niamh Ní Chróinín, agus Cillian O’Donnachadha.

Screenshot 2026 05 06 161930
Pictiúr: Cúla4/Curtha ar fáil

Dúirt Étaín Ní Thuairisg, Eagarthóir agus Léiritheoir Cúla 4, go raibh ‘an t-atmaisféar iontach bríomhar, agus bhí puipéid stocaí ag na páistí agus iad ag fágáil na háite.

‘Beidh neart deiseanna acu cleachtadh a dhéanamh – b’fhéidir go mbeidh cuid acu ina bpúipéadóirí amach anseo!’

Bhí an file agus aisteoir Ciara Ní É le feiscint ag an bhféile chomh maith. Bhí athas uirthi Tráthnóna Filíocht ‘s Ceol a chur i láthair.

‘Deireadh seachtaine den chéad ghradam sa Daingean le tús an tsamhraidh a cheiliúradh le ceol, filíocht, damhsa agus an comhluadar is fearr dá bhfuil amuigh ann.

‘Bhí an-éagsúlacht imeachtaí ann agus is mór agam gur shocraigh lucht na féile aimsir aoibhinn dúinn!’

Screenshot 2026 05 06 161955
Ciara Ní É ag Féile na Bealtaine. Pictiúr: Eoin O’Malley/Ciara Ní É/Curtha ar fáil

Ceann de bhuaicphointí Fhéile na Bealtaine ná an pharáid bhliantúil. Tugann an pharáid deis d’ealaíontóirí a gcuid oibre a thaispeáint faoi spéir Dhaingean Uí Chúis.

Dúirt Ciara Ní É: ‘Cuireadh ionadh orm cé chomh mór a bhí an paráid! Bhí na feistis ar fheabhas, an-chruthaitheach go deo, agus tá sé speisialta gur tháinig an pobal le chéile le taispeántas mar sin a eagrú.’

Chríochnaigh an fhéile le HUMP – banna ceoil as Ciarraí – i mBarra Uí Flaherty trathnóna Dé Luain.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram