Biden ag teacht: Ag ceiliúradh an tsíocháin in Éirinn agus a oidhreacht féin

31/03/2023

Tá dátaí a chuairte ar Éirinn fógartha ag Uachtarán Mheiriceá Joe Biden, a thosóidh i mBéal Feirste an lá tar éis Luan Cásca, 11 Aibreán.

Ina theannta sin, díreofar go láidir sa chuairt ar chomóradh 25 bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta (Good Friday Agreement) le linn a chuairte cúig lá.

Ceann de na himeachtaí atá á meas do chuairt an Uachtaráin Biden ar Bhéal Feirste ná óráid ag Stormont.

Níl an Tionól ina shuí ag an tráth seo mar gheall ar bhaghcat an DUP ar chomhroinnt cumhachta mar chuid dá bhfeachtas i gcoinne Prótacal Thuaisceart Éireann.

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
Físeán: Pápa Proinsias san ospidéal
ar feadh cúpla lá le ‘respiratory infection’

Ach ceaptar go bhféadfadh an Cainteoir Alex Maskey cuireadh a thabhairt do na 90 MLA óráid uachtaránachta a chloisteáil.

Beidh iar-uachtarán SAM Bill Clinton agus a bhean chéile an Iar-Rúnaí Stáit Hillary Clinton i mBéal Feirste an tseachtain i ndiaidh Biden, le haghaidh tuilleadh imeachtaí chun Comhaontú Aoine an Chéasta a chomóradh.

Biden ag teacht
Joe Biden le Rob Kearney

Beidh an tUasal Biden ag dhéanamh staidéar ar a oidhreacht phearsanta chomh maith. Is col ceathracha é an tUachtarán Biden leis an iar-imreoir rugbaí Rob Kearney.

Sroichfidh sé Baile Átha Cliath ar an 12 Aibreán agus as sin tabharfaidh sé cuairt ar áiteanna éagsúla sa tír; agus imeoidh sé ar an Satharn dár gcionn, 15 Aibreán.

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
Béile scoile te do gach dalta
bunscoile: Gealltanas ón Aire

Táthar ag súil go dtabharfaidh an tUasal Biden cuairt ar Lú agus ar Mhaigh Eo araon as ar tháinig a shinsir.

Chuaigh a shin-seanathair Owen Finnegan ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe ó leithinis Chuaille (Cooley peninsula), agus rugadh sin-seanathair eile, Patrick Blewitt, i mBéal an Átha. D’imigh sé sa bhliain 1850 le seoladh go Meiriceá.

Má tá an tUasal Biden chun óráid poiblí a thabhairt agus na sluaite móra i láthair is dócha go dtarlóidh sé sin in iarthar na hÉireann, tá sé tugtha le fios ag foinsí an Rialtais.

Biden ag teacht
Joe Biden le Leo Varadkar

Le linn a chuairte, buailfidh an tUasal Biden leis an Uachtarán Mícheál Dl Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin.

Reáchtálfaidh an Taoiseach fáiltiú dó i dTeach Farmleigh i bPáirc an Fhionnuisce (Phoenix Park) i mBaile Átha Cliath.

Creideann na daoine atá ag obair ar an gcuairt nach mbeidh sé lán d’imeachtaí agus is dócha nach bhfreastalóidh an tUasal Biden ar níos mó ná trí imeacht gach lá.

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
600 múinteoir nua á lorg …
le háiteanna breise dóibh
siúd atá ag teagasc trí Ghaeilge

Níl sé beartaithe comhshuí den Oireachtas a bheith ann don chuairt seo, a rangaítear mar chuairt ‘oifigiúil’ seachas cuairt Stáit níos searmanais.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram