600 múinteoir nua á lorg … le háiteanna breise dóibh siúd atá ag teagasc trí Ghaeilge

Tá níos mó ná 600 múinteoir nua á lorg, le háiteanna chun staidéar á gcruthú sa dá bhliain atá romhainn.

Agus méadófar líon na ndaltaí ar mian leo staidéar a dhéanamh le bheith ina múinteoirí trí mheán na Gaeilge i mbliana, ó 30 go 60.

Is dea-scéala iad na háiteanna breise do dhaltaí Ardteistiméireachta agus do dhaoine eile atá ag smaoineamh faoi láthair ar ghairm mar mhúinteoir bunscoile.

Tagann an cinneadh mar go bhfuil scoláirí á spreagadh chun dul i mbun múinteoireachta mar ghairm bheatha mar go bhfuil ganntanas múinteoirí ann.

Tá 320 áit bhreise le cur ar fáil ar chúrsaí oiliúna do mhúinteoirí bunscoile don bhliain acadúil amach romhainn, agus 290 áit bhreise le cruthú an bhliain dár gcionn.

students8

Tagann an leathnú sealadach mar gheall ar ganntanas géar múinteoirí, agus go bhfuil go leor scoileanna ag streachailt le folúntais mhúinteoirí a líonadh.

Cuirfear nócha áit bhreise ar fáil i mbliana agus arís an bhliain seo chugainn ar chláir céime Béarla, rud a thabharfaidh líon iomlán na gcúrsaí sin go 1,090 in aghaidh na bliana.

Cuirfear dhá chéad áit bhreise ar fáil ar chúrsaí Máistreachta sa mhúinteoireacht i mbunscoileanna i mbliana agus sa bhliain seo chugainn, rud a thabharfaidh an t-iomlán go dtí 400 in aghaidh na bliana.

Cinneann an Roinn Oideachais gach bliain líon na mac léinn a iontrálfar ar bhunchláir i gcoláistí Stát-mhaoinithe.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley: ‘Is rogha gairme an-choitianta é teagasc bunscoile, do dhaltaí atá ag fágáil na scoile agus do dhaoine atá ag dul i mbun múinteoireachta i lár a ngairme.

‘Thar Buiséid leantacha d’éirigh linn líon na bpost múinteoireachta atá ar fáil inár scoileanna a mhéadú, an cóimheas dalta le múinteoir a laghdú go dtí an leibhéal is ísle riamh, líon na scoileanna DEIS a mhéadú agus líon na n-idirchaidreamh baile scoile agus poist oideachais speisialta a mhéadú.

‘Chuir sé seo ar fad, mar aon leis an bhfás ar líon na mac léinn le míonna beaga anuas, leis an éileamh ard ar mhúinteoirí bunscoile,’ a dúirt sí.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram