Sraith nua cúrsaí reatha Mo Thír Mo Thuairim coimisiúnaithe ag TG4 Ón Luan an 7 Meán Fómhair ag 10pm

Tá sraith nua cúrsaí reatha, Mo Thír Mo Thuairim, coimisiúnaithe ag TG4, arna léiriú ag Dundara Television & Media agus arna cur i láthair ag an gcraoltóir Cormac Ó hEadhra.

Tugtar le chéile sa tsraith nua 15 chlár daoine óga, feachtasóirí an lae amárach, tráchtairí, saineolaithe, polaiteoirí agus lucht déanta cinntí do chomhráite bríomhara, agus dúshlánacha, scaití, faoi na hábhair a bhfuil tionchar acu ar Éirinn sa lá atá inniu ann agus faoin gcineál tíre a theastaíonn ón gcéad ghlúin eile.


Rinneadh Mo Thír Mo Thuairim a thaifeadadh i stiúideo teilifíse Dundara i bhFiodh Alúine, Co. Chill Dara. Ní hionann an tsraith seo agus sraitheanna eile painéil cúrsaí reatha toisc gur daoine óga agus a dtaithí saoil sin a bheidh i gcroílár an chomhrá.

Cormac Ó hEadhra-  Mo Thír Mo Thuairim
Cormac Ó hEadhra- Mo Thír Mo Thuairim. Pictiúr: TG4/Curtha ar fáil


Beidh tithíocht, an costas maireachtála, oideachas, fostaíocht, aeráid, an saol digiteach agus na meáin shóisialta i measc na n-ábhar a ndéanfar iniúchadh orthu le linn na sraithe. Rachaidh an clár níos faide ná na ceannlínte freisin ar mhaithe le scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna níos mó a bhaineann le féiniúlacht, teanga, cultúr, polaitíocht, pobal agus muintearas in Éirinn, tráth a bhfuil an tír ag athrú go sciobtha.
Is coincheap simplí atá i gcroílár na sraithe: in áit a bheith ag caint faoin nglúin óg, tabharfaidh Mo Thír Mo Thuairim iad caol díreach isteach sa chomhrá. Beidh deis ag na rannpháirtithe ceisteanna a chur ar an dream a dhéanann na cinntí a théann i bhfeidhm ar a saol, agus cloisfidh polaiteoirí, lucht déanta beartas agus pearsana poiblí eile ón nglúin is faide a chaithfidh maireachtáil faoi scáth go leor de na roghanna atá á ndéanamh faoi láthair.


Dar leis an láithreoir Cormac Ó hEadhra: “Cuirfidh Mo Thír Mo Thuairim fuinneamh úr agus práinn sa díospóireacht náisiúnta, agus tabharfar ardán ar leith do ghuthanna daoine óga, do ghníomhaithe an lae amárach agus do lucht déanta cinntí. Díreofar i ngach clár ar thaithí saoil, an brú a bhaineann le cúrsaí tithíochta, an saol digiteach, imní faoi chúrsaí aeráide, oideachas, obair agus pobal san áireamh, agus labhróidh na rannpháirtithe amach go hoscailte faoina bhfuil i gceist leis an saol a mhaireachtáil in Éirinn na linne seo. 
Pléifear sa tsraith ceisteanna níos doimhne a bhaineann le teanga, féiniúlacht, cultúr agus polaitíocht agus an tuiscint ann go bhfuil todhchaí na hÉireann á múnlú ní hamháin ag an ngeilleagar ach chomh maith leis sin ag ár bhféiniúlacht agus mar a fheiceann muid muid féin.
Agus díospóireacht neamhbhalbh faoi bheartais fite fuaite leis an smaointeoireacht faoi chultúr, ba mhaith linn léargas níos cuimsithí agus níos caolchúisí a thabhairt ar Éirinn mar atá sí anois agus spás a chruthú ina mbraithfidh daoine óga sa lucht féachana go bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu in áit daoine a bheith ag caint ina dtaobh.’’


I gcás Dundara Television & Media, is cloch mhíle thábhachtach é an coimisiún freisin, mar go bhfuil an tsraith iomlán, 15 chlár, á léiriú ó stiúideo an chomhlachta léiriúcháin neamhspleách seo i bhFiodh Alúine, Co. Chill Dara.
Forbairt mhór atá sa choimisiún ar obair léiriúcháin teilifíse Dundara agus ar an infheistíocht atá déanta aige chun cláracha  á léiriú óna bhunáit i gCill Dara.


Dúirt Enda Grace, Léiritheoir agus Stiúrthóir Dundara Television & Media: “Theastaigh uainn ón tús go mbraithfí go raibh rud éigin difriúil ag baint le Mo Thír Mo Thuairim. Ní raibh muid ag iarraidh clár a dhéanamh ina mbeadh muide caite siar ag caint faoi dhaoine óga agus faoi na rudaí a cheapann muide atá tábhachtach dóibh. Táimid á n-iarraidh sa seomra, i gceannas ar an gcomhrá, ag tabhairt dúshlán do na rudaí a ndéantar talamh slán díobh agus ag cur a gcuid ceisteanna go díreach ar na daoine a bhfuil an chumhacht acu cinntí a dhéanamh.
Tá go leor ag tarlú in Éirinn faoi láthair, agus glúin ag teacht chun cinn atá eolasach, deisbhéalach agus an-soiléir faoin gcineál tíre a theastaíonn uathu a fhágáil le hoidhreacht. Is é an cúram atá orainne mar lucht déanta cláracha an spás atá tuillte acu a thabhairt do na guthanna sin, agus ag an am céanna tús a chur le díospóireacht atá bríomhar, cothrom agus tarraingteach.
Agus ba mhaith linn spraoi a bhaint as chomh maith. Ní gá go gciallódh cúrsaí reatha go mbeadh daoine suite thart ag breathnú sollúnta. Beidh greann agus suáilceas ag baint leis freisin agus neart spáis ann do phearsana éagsúla. Ba mhaith linn go mbraithfeadh daoine sách compordach le labhairt amach go hionraic, easaontú lena chéile agus taitneamh a bhaint as an gcomhrá.”


Is rud iontach é ó thaobh Dundara de go bhfuil an tsraith á léiriú ónár stiúideo i bhFiodh Alúine. Tá infheistíocht mhór déanta againn chun áis chraoltóireachta a thógáil anseo i gCill Dara, agus is mór againn go bhfuil coimisiún faighte againn ó TG4 le sraith cúrsaí reatha 15 chlár a léiriú ón stiúideo. Tá muid thar a bheith uaillmhianach maidir leis an gclár agus ag tnúth leis na doirse a oscailt agus tús a chur leis na comhráite sin.”
Tosóidh an tsraith Mo Thír Mo Thuairim ar TG4 Dé Luain, an 7 Meán Fómhair ag 10pm agus beidh sí ar siúl ar feadh 15 sheachtain.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram