

“Comhghairdeas leis na léiritheoirí, láithreoirí, stiúrthóirí agus scríbhneoirí a bhfuil a saothair ainmnithe i nGradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana. Is aitheantas é líon na n-ainmniúchán a fuair TG4 agus Cúla4 i mbliana ar chaighdeán na gclár atá á léiriú do TG4 ón earnáil léiriúcháin neamhspleách sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.” Ard-Stiúrthóir TG4 Deirdre Ní Choistín
Seo a leanas an Gearrliosta a bhaineann le TG4 agus Cúla4:
SCANNÁN / CLÁR / SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA DO DHAOINE ÓGA

CLÁR TEILIFÍSE / SCANNÁN NA BLIANA
IRISEOIR NA BLIANA

PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA

CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
RÉALTA ÓG NA BLIANA
Chuile bhliain déanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar sháriarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge. Tugann na Gradaim seo aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifís a bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla meán le dhá mhí dhéag anuas.
Roghnóidh painéal moltóirí buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla ach is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Tá trí chatagóir déag (13) ar chlár na ngradam i mbliana. Roghnóidh painéal moltóirí buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla ach is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Tá an vótáil oscailte anois agus ar fáil ag https://www.antoireachtas.ie/gradaim-chumarsaide/realta-og-2026/
Bronnfar Gradaim Chumarsáide 2026 ag an Searmanas Bronnta a bheidh ar siúl i i gCill Airne, Co. Chiarraí, Dé Céadaoin, 28 Deireadh Fómhair 2026, ceann de mhórócáidí Oireachtas na Samhna 2026. Déanfar an ócáid a shruthú beo ar www.antoireachtas.ie & www.tg4.ie ó 20:00 ar aghaidh.




Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.