An Chéad Ghlúin Eile: Albaim agus Oidhreacht

Labhraíonn An Chéad Ghlúin Eile faoin albam nua, agus deich mbliana ar an bhfód

“Bhuel, cén fáth nach dtógann sibh An Chéad Ghlúin Eile oraibh féin,” a cheap buachaill chara (anois fear céile) Étáin Ní Churraoin, nuair a bhí sí agus a deirfiúr Máire ag iarraidh tús a chur lena gairm cheoil i 2017.
“Rugadh agus tógadh sa nGaeltacht muid agus is beirt deirfiúr muid,” arsa Máire. “Reitíonn muid an an-mhaith lena chéile agus d’fhás muid aníos i gcónaí linn ar an sean nós. Taitníonn sé go mór linne a bheith ag comhlíonadh ar an sean nós linn fhéin. Ach is breá liomsa a bheith ag comhlíon nuair a bhíonn muid i gcónaí le chéile. Is breá liom a bheith ag comhlíonadh le mo dheirfiúr álainn Étáin. Tháinig sé go nádúrtha ansin go go mbeadh muid ag comhcheoil lena chéile nó go mbíodh muid ag comhcheol lena chéile.’

An Chéad Ghlúin Eile
An Chéad Ghlúin Eile: (Ón dheis) Máire agus Étáin Ní Churraoin. Pictiúr:
Cathal Mac an Bheatha/ Cathalmacan Photography


Labhraíos le Máire agus Étáin Ní Churraoin maidin Dé Luain. Agus tá sé féaráilte le rá go rabhamar go léir gnóthach agus sinn ag labhairt faoin Chéad Ghlúin Eile, a banna ceoil. Tá Máire i mbun PHD faoi láthair, agus tá Étáin ag tógáil beirt páiste. Ní hamháin sin, ach d’éisidíodar albam úrnua an tseachtain seo caite!
‘Is breá liom a bheith ag casadh le mo dheirfiúr! Tá mé chomh ceannúil uirthi agus tá muid beannaithgo n-éiríonn chomh maith sin eadrainn. Is breá liom gur féidir linn an tír agus an domhan a thaisteal lena chéile, ag roinnt ár n-amhrán, ár n-oidhreachta agus ár scéalta le daoine leis an saol! Tá fíorthábhacht ag baint lenár n-oidhreacht mar bhanna, agus mar chlann. Caithfidh mé a rá go ndearna ár dtuismitheoirí an-jab len é sin a mhúscailt ionainn. Tá muid thar a bheith bródúil as ár dteanga, as ár gcultúr, as ár gcreideamh agus as nGaeltacht. Déanfaidh mise amhlaidh le mo chlannsa,” a lean Étáin.
“Is álainn an rud é sin anois ná gur féidir linne an stáitse a roinnt lena chéile ar fud fad na tíre agus ar fud an domhain mhór agus muid i gcomhlíon ar an sean nós le chéile i gcomhcheol lena chéile agus go spreagann muid ár lucht éisteachta nó ár lucht éisteachta ar na meáin agus na hardáin digiteacha uilig, agus an dream atá suite romhainn díreach ós ár gcomhair agus muid ar stáitse gur féidir linn iad a spreagadh chun ammhránaíochta agus is breá linn é sin,” a chur Máire leis.

14 05 2023 AnCheadGhluinEile Skerries 04
Pictiúr: Cathal Mac an Bheatha/Photography


Thosaigh Máire agus Étáin ag canadh lena chéile agus iad an-óg. Agus í ag smaoineamh siar, mhachnaigh Étáin ar na laethanta luachmhara sin a chaitheadar lena dtuismitheoirí. Chuir mé spéis sa gceol agus mé an-óg. Deir Mama s’againne go raibh muid ag casadh sula raibh muid in ann labhairt. Bhíodh amhráin le cloisteáil i gcónaí sa teach agus muid ag fás aníos. Chloistí Mama ag casadh léi agus Deaide ag casadh leis timpeall an tí. Ní minic a bhíodh ná a bhíonn tí s’againne ciúin!
“Is é an rud é ná gur féidir linne an traidisiún a choinneáil beo,” a d’aontaigh Máire. “Is muidne An Chéad Ghlúin Eile, ACGE, agus is breá linn gur féidir linne na hamhráin sean nóis a roinnt lenár nglúin fhéin agus na glúin a thiocas in ár ndiaidh.”
Agus sinn i mbun cainte, bhí gliondar ar Mháire scéalta a roinnt liom faoi ACGE, a n-albam is deireannaí.
“ACGE atá ar an albam, ós rud é gur ón Chéad Ghlúin Eile atá orainn. Agus bun is barr an scéal. Tá trí ghlúin le cloisteáil ar an albam seo. Tá muid fhéin, tá Deaide’s againne, agus ansin tá sean-uncail againn – Darach Ó Catháin, amhránaí mór i sean nós a bhí ann. Cailleadh é sula rugadh muidne, ach buíochas mór le mac de gur thaifead Gael Linn a ghlóir agus deisigh siad albam dá chuid. Dhá bhrí sin, d’fhás muid aníos ag éisteacht le glór Dharach Ó Catháin.


Bhíodh mé ag comhcheol agus bím fós i mbun comhcheol le albam Darach Ó Catháin agus mé ag tiomáint liom sa gcarr. Dhá bhrí sin, beartaigh mé go mbeadh sé thar a bheith spéisiúil agus speisialta mé fhéin agus Etáin chur i gcomhcheol le glór Dharach Ó Catháin, a cailleadh sular rugadh muid. Bhí sé an an-simplí – isteach sa stiúideo linn, é a thaifead, thaifead Étáin an chomhcheol ard. Thaifead mise an comhcheoil íseal. Agus, b’in muid. Bhí sé thar a bheith simplí – ach cumhachtach dar liom. Os rud é go raibh muid ag leanacht an ghaireacht. Tá sé iomlán éagsúil a bheith sa gcarr, nó sa mbaile agus muid ag éisteacht leis. Ach sa stiúideo, aon uair a anáilíonn Darach, caithfidh tusa análú freisin.”


Agus mé ag comhrá le Máire agus Étáin, thugas faoi deara cé chomh luachmhar ‘is atá na seantraidisiúin sean nós dóibh beirt. “Is iad na hamhráin chéanna atá á gcasadh inniu againn is a bhí á gcasadh acu fadó. Sílim fhéin go bhfuil sé sin DEADLY!! Tá muid beannaithe gurb é seo an ghairm atá againn i 2026,” a luaigh Étáin liom.
Lean Máire ar aghaidh. “Tuigim fhéin agus Étáin gur muidne an chéad lúb eile i soláthar seachadadh na n-amhrán sean-nós. B’álainn an rud é go raibh muid in ann filleadh ar na glúnta a chas na n-amhrán seo romhainn.” Ach an bhfuil ceangail láidir idir muintir Ráth Chairn agus an sean-nós?

14 05 2023 AnCheadGhluinEile Skerries 08
Cathal Mac an Bheatha/Cathalmacan Photography


“Chreidfinnse go bhfuil,” a mhaígh Máire. “Airím mar gheall gur Ghaeltacht an-bheag muid, go gcaithfidh muid a bheith láidir. Níl muid ach aon bhliain ‘is naocha ar an bhfód anois. Don chuid is mó, airím go bhfuil muintir Ráth Chairn agus muintir Gaeltacht na Mí láidir, agus go bhfuil muid tógtha leis na glúnta a tháinig aniar as Conamara.”
Ach, tá An Chéad Ghlúin Eile i gcónaí ag iarraidh scéalta Ráth Chairn a roinnt leis an domhain mhór. Is féidir leat ACGE a cheannach mar dhlúthdhiosca, agus ar ar Spotify, iTunes, AppleMusic, YouTube Music agus ar BhandCamp! Beidh siad i Londain agus sa an bhFionlainn faoi deireadh na bliana seo.
Tá an nasc sin go láidir sin, go bhfuil Máire i mbun PHD spéisiúil faoi láthair! “Ó Aoife is breá liom mo shaol! Tá mé ag díriú ar na hamhráin sean-nóis a bhfuil an t-ainm Máire luaite iad dóibh!” B’in áit deas, éadrom le críoch a chur le comhrá den chéad scoth!


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram