Litir ghrá do chultúr na hÉireann: Cuirfear tús le Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta an tseachtain seo le 1,500 imeacht ar fud na tíre

Beidh fíodóireacht saileach (willow weaving), taispeántais gceardaíochta stáin (tinsmithing demonstrations) agus turais siúlóide stairiúla ar siúl – agus níl anseo ach sampla de chuid de na himeachtaí spreagúla a bheidh ar siúl ar fud na hÉireann mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2023.

Tosaíonn an tseachtain Dé Sathairn, 12 Lúnasa, agus leanann sé ar aghaidh ar feadh naoi lá chun ceiliúradh a dhéanamh ar na rudaí iontacha ar fad a léiríonn go bhfuil Éire chomh speisialta agus chomh huathúil.

Heritage Week Scattery Island 2018 3772185
Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta: Inis Cathaigh (​Scattery Island)

Mar oileán beag, tá stair shaibhir ag ár dtír agus tá an tseachtain seo tiomnaithe d’aird a dhíriú ar ár gcultúr agus ar ár dtraidisiúin álainn – ár n-oidhreacht nádúrtha, tógtha agus cultúrtha.

Ón 12 go 20 Lúnasa, beidh beagnach 1,500 imeacht ar siúl ar fud na tíre nuair a bheidh músaeim, gailearaithe, gairdíní, foirgnimh stairiúla agus stiúideonna ag oscailt a ndoirse do shraith imeachtaí speisialta.

Is é téama Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2023 ná ‘Oidhreacht Bheo (Living Heritage)’ agus díreofar aird ar na cleachtais, an t-eolas agus na scileanna a cuireadh ar aghaidh trí na glúine agus atá fós in úsáid sa lá atá inniu ann.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil gach cineál imeachtaí suimiúla ar siúl i ngach contae, lena n-áirítear taispeántais fíodóireacht chiseáin (basket weaving), seisiúin scéalaíochta, damhsa céilí, taispeántais gceardaíochta stáin agus go leor eile.

Cibé rud atá i gceist, turas siúlóide stairiúil ar bhaile oidhreachta, roinnt sealgaireachta (foraging) nó iompar ar ais go dtí na meánaoiseanna ar feadh tráthnóna, tá rud éigin do chách sa chlár bríomhar imeachtaí.

Heritage Week LIMERICK 11872184

Tá roinnt imeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na tíre freisin. Clic anseo le haghaidh liosta iomlán de na himeachtaí sin. Áiríonn na himeachtaí seo seónna amharclainne, taispeántais, turais agus go leor eile.

I measc imeachtaí Chathair Bhaile Átha Cliath tá ceardlann ealaíne atá spreagtha ag gloine dhaite in Ardeaglais Naomh Pádraig Dé Máirt, 15 Lúnasa, turais teaghlaigh ar an Músaem Náisiúnta Cló ón 15 go 18 Lúnasa, turas treoraithe (guided tour) ar Mhúsaem Cogaidh Náisiúnta na hÉireann Dé Céadaoin 16 Lúnasa agus Féilte Scannán do Theaghlaigh ag an IFI a bheidh ar siúl ó 18 go 20 Lúnasa.

Heritage Week Cavan 1972182
An Chabháin

I measc na n-imeachtaí i nGaillimh beidh taispeántais traidisiúnta sábháil féir i Sráidbhaile Ard Raithin (Ardrahan) ar an Aoine 18 Lúnasa, Lá na mBailte Múrtha (Walled Town Day) i sráidbhaile Bhaile Átha an Rí (Athenry) ar 13 Lúnasa agus ceardlann leathair i gCaisleán agus Gairdíní Phort Omna (Portumna) ar an Satharn 19 Lúnasa agus beidh sárthaispeántas boghdóireachta (archery) ansin freisin Dé Domhnaigh 20 Lúnasa. .

I measc na n-imeachtaí i gCathair Chorcaí beidh turas siúlóide ar dhroichid íocónacha Chorcaí ar 20 Lúnasa, eispéireas ‘Living History Comedy Dinner Theatre’ ó 16 go 19 Lúnasa agus Taispeántas an ‘Traveller Tinsmith’ ag Músaem Poiblí Chorcaí ón 15 go 19 Lúnasa.

Is féidir liosta iomlán imeachtaí a fháil ar www.heritageweek.ie – tabhair cuairt ar an suíomh Gréasáin chun an ceann is cóngaraí a fháil.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram