ChatGPT faoi bhrú: Imní go n-úsáidfidh daltaí scoile AI chun a obair bhaile a dhéanamh

30/03/2023

Creideann saineolaithe go bhfuil ChatGPT agus cláir Intleachta Saorga (Artificial Intelligence, AI) dá samhail ina n-údar imní don earnáil oideachais.

Creideann siad go bhféadfadh daltaí scoile é a úsáid lena gcuid obair bhaile a dhéanamh.

Tá córais ar nós ChatGPT tar éis imní a chur ar cheannairí ollscoile le míonna beaga anuas maidir lena úsáidí nuálacha.

Tá imní ar go leor anois go bhféadfadh an leagan is déanaí aiste thar a bheith maith a scríobh do dhaltaí scoile agus do mhic léinn ollscoile.

Tá prótacail á dtabhairt isteach in ollscoileanna i Meiriceá ina bhfuil imní ann maidir le húsáid AI san oideachas. I gcás amháin cáineadh réalta giomnáisiam atá mar réalta meáin shóisialta ó Louisiana State University (LSU) as ChatGPT a chur chun cinn.

ChatGPT

‘Tá go leor áiteanna eile sna Stáit Aontaithe ag féachaint le prótacail chomhchosúla a chur i bhfeidhm anois mar go bhfuil faitíos ann go bhfuil an teicneolaíocht seo chomh maith, go bhféadfadh sé dallamullóg a chur ar na nollúnan (professors),’ a dúirt an speisialtóir teicneolaíochta Jess Kelly le Newstalk.

Maíonn an saineolaí go bhfuil an leagan is déanaí de ChatGPT ‘an-chruthaitheach agus an-nádúrtha’ sa tslí ina ndéanann sé cumarsáid agus ‘an-éasca le tuiscint’. D’fhéadfadh sé ‘aiste dochreidte a scríobh duit.’

NÍOS MÓ FAOIN SCÉAL SEO CLIC ANSEO: ‘Rabhadh Europol do na Gardaí: Féadfaidh ‘criminals’ ChatGPT a úsáid le haghaidh ‘fraud’

‘Ní hamháin go bhfuil sonraí an ábhair áirithe a bhfuil tú ag caint faoi ar fáil, tá an cumas sin aige anois rud éigin a scríobh ar bhealach fíor-comhráiteach (conversational)– agus má tá sé ró-comhráiteach , is féidir leat dul ar ais agus iarr air, “an féidir leat é seo a chur i bhfoirm níos foirmiúla,” mar shampla.

‘Mar sin, abair go bhfuil tú i do rang Béarla agus gur iarradh ort 1,000 focal a scríobh ar na téamaí Pride and Prejudice. Is féidir leat dul go dtí ChatGPT, é sin a chur isteach agus gheobhaidh tú aiste 1,000 focal ar ais atá iontach le léamh, cruinn don chuid is mó agus ansin is féidir leat é a chur isteach mar do chuid oibre féin,’ a dúirt sí.

ChatGPT

Thug sí foláireamh faoi úsáid córais ar nós ChatGPT sa chóras oideachais agus dúirt: ‘Sílim go mbeidh orthu polasaithe de chineál éigin a thabhairt isteach timpeall air sna scoileanna, is dóigh liom gur rud deacair é a phóilíniú.’

Ní hé seo an chéad uair a ardaíodh imní faoin teicneolaíocht seo a bhfuil tionchar aici ar oideachas, le tuairiscí ó SAM ar an réalta meáin shóisialta Olivia Dunne á cháineadh as físeán TikTok a phostáil chun seirbhís AI, mar ChatGPT, a chur chun cinn, chun aistí coláiste a scríobh.

Roinn an lúthchleasaí coláiste físeán ar a ardán ag cur Caktus.ai chun cinn, clár a chuireann síos air féin mar ‘an chéad uirlis oideachais AI a bhí ann riamh.’

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO: ‘Dark patterns’: Feall ar siopadóirí Éireannach ar líne agus tá siad in ‘debt’ leis sin

Mar fhreagra scríobh an ollscoil: ‘Ag LSU, tá sé de chumhacht ag ár n-ollúna agus ár gcuid mac léinn teicneolaíocht a úsáid le haghaidh foghlama agus na caighdeáin is airde d’ionracas acadúil a bhaint amach.

‘Mar sin féin, d’fhéadfadh cúiseamh mí-iompair acadúil a bheith mar thoradh ar úsáid AI chun obair a dhéanamh ar son mac léinn, mar a leagtar amach sa Chód Iompair Mac Léinn.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram