Plean infheistíochta le haghaidh níos mó áiteanna cónaithe do mhic léinn

Tá an tAire Simon Harris ag tabhairt isteach polasaí chun airgead Stáit (State funds) a úsáid chun áiteanna cónaithe nua a thógáil, foirgnimh fholmha a fhorbairt –  agus iad a chur ar fáil ar chostas íseal do mhic léinn

Tabharfaidh an tAire Ardoideachais Simon Harris polasaí nua an Rialtais maidir le lóistín do mhic léinn faoi bhráid na Comh-Aireachta (Cabinet) Dé Máirt, de réir tuarascála ó RTÉ.

Geallann an beartas infheistíocht an Rialtais i dtrí réimse: tógáil tithíochta ar an gcampas do mhic léinn, forbairt réadmhaoine (property) atá folamh agus tréigthe (derilict), agus leanúint le tacaíocht d’úinéirí tí atá ag ligean seomra ar cíos do mhic léinn.

Simon Harris Pic: Gareth Chaney/ Collins Photos
Simon Harris Pic: Gareth Chaney/ Collins Photos

Is í an chéad chéim ná ceadanna pleanála atá faighte cheana féin ag ollscoileanna tríú leibhéal a ghníomhachtú.

Faoi láthair tá sé seo ag tacú le forbairt suas le 1,000 leaba mac léinn ar fud Ollscoil Mhá Nuad, Ollscoil Luimnigh agus Ollscoil na Gaillimhe le maoiniú de €61 milliún ceadaithe ag an Rialtas.

Rachaidh an Roinn i dteagmháil anois leis An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), a bhfuil cead pleanála acu do 1,254 leaba do mhic léinn, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a bhfuil cead 358 leaba acu agus an dara céim ag Ollscoil Chathair, Bhaile Átha Cliath (DCU), a bhfuil cead 830 leaba aici.

Rachaidh an Roinn i dteagmháil le Coláiste na Tríonóide a bhfuil cead 358 leaba acu
Rachaidh an Roinn i dteagmháil le Coláiste na Tríonóide a bhfuil cead 358 leaba acu

Ní mór na leapacha atá maoinithe ag an Stát a chuir ar fáil do mhic léinn a bhfuil ioncam teaghlaigh níos lú ná €100,000 acu ag ráta faoi bhun an mhargaidh.

Mar shampla, má mhaoiníonn an Stát 30% de na leapacha, ní mór na leapacha sin a chuir ar fáil ar ráta laghdaithe do na mic léinn sin. Má mhaoiníonn an Stát 100% de na leapacha, ní mór gach leaba a thairiscint do mhic léinn ar ráta laghdaithe.

Is é an chéad chéim eile ná tithíocht do mhic léinn a thógáil
Is é an chéad chéim eile ná tithíocht do mhic léinn a thógáil

Is é an chéad chéim eile ná tithíocht do mhic léinn a thógáil ag baint úsáide as maoiniú Stáit agus foirgnimh fholmha a fhorbairt do mhic léinn.

D’fhéadfaí deontas bliantúil idir €20 milliún agus €40 milliún a chur ar fáil chun cabhrú le hollscoileanna foirgnimh atá folamh a fhorbairt.


Scéalta Gaeilge ar ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram