Tá foláireamh tugtha ag fórsa póilíní na hEorpa, Europol, do na Gardaí faoin mbagairt ar ghníomhaíocht choiriúil (criminal) ó ardán ChatGPT.
Seasann GPT do ‘Generative Pre-trained Transformer’, agus is clár ríomhaire é atá chomh maith sin ag scríobh mar dhuine go bhfuil eagla ar ollscoileanna gur féidir leis aistí den ghrád is airde a scríobh do mhic léinn.
Níl i ChatGPT ach ceann amháin de roinnt ardán dá leithéid ach rinne Europol staidéar air, toisc gurb é an ceann is airde próifíle agus is coitianta a úsáidtear é atá ar fáil don phobal.
Cuireadh tuarascáil Europol – a thug foláireamh gur féidir a leithéid de shuímh ghréasáin Intleacht Shaorga (Artificial Intelligence, AI) a úsáid le haghaidh calaoise (fraud), cibearionsaithe (cyber attacks) agus chun bréageolas (disinformation) a scaipeadh – chuig an nGarda Síochána, agus do sheirbhísí póilíneachta eile, ionas gur féidir leo ullmhú do fhás in úsáid na teicneolaíochta ag grúpaí coireachta.
Dhírigh an staidéar ar ‘Large Language Models’ (LLMs), sé sin cineál AI atá in ann téacs a phróiseáil agus a ghiniúint, trí mhéideanna móra sonraí a chothú dó, amhail leabhair, ailt agus suíomhanna gréasáin. Le sin is féidir leo na patrúin a fhoghlaim, agus naisc idir focail a thusicint, chun ábhar nua a ghiniúint.
Is féidir le hardáin ar nós ChatGPT ceisteanna a fhreagairt ar ábhair éagsúla, téacs a aistriú, dul i mbun comhrá agus ábhar nua a ghiniúint. Is féidir leis patrúin teanga agus stíleanna cainte a aithris freisin.
Dúradh i dtuarascáil Europol go bhfuil sé úsáideach do chaimiléirí (fraudsters) toisc gur féidir téacs fíor-réalaíoch a dhréachtú.
Tá sé úsáideach freisin chun bréageolas a scaipeadh mar is féidir leis teachtaireachtaí a chruthú agus a scaipeadh a léiríonn dearcadh sonrach go tapa agus gan mórán iarrachta.
Agus toisc, chomh maith le teanga atá cosúil le teanga daoine a ghiniúint, go bhfuil sé in ann cód a tháirgeadh i roinnt teangacha ríomhchlárúcháin (programming languages) éagsúla, is féidir é a úsáid le haghaidh cibearchoireanna (cybercrimes).
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.