Is bean ghnóthach í Louise Cantillon. Nuair nach mbíonn sí ag ceiliúradh bua na foirne iomána ina háit dúchais, Luimneach, in éineacht lena fear céile Declan Hannon, laoch na foirne, bíonn sí ag bogadh idir stáisiúin teilifíse agus raidió.
Cuireann Cantillon clár am lóin Today FM i láthair, bíonn sí ina hóstach ar Junior Eurovision ar TG4, tá podchraoladh dátheangach, How to Gael, aici agus anois filleann sí ar TG4 don dara sraith den chlár taistil móréilimh Téacs Taistil.
Taistealaíonn Téacs Taistil chuig áiteanna éagsúla gach seachtain agus gach seachtain bíonn trí lá ag an triúr láithreoir chun trí thasc a dhéanamh gan ach teachtaireachtaí téacs cripteacha (cryptic) chun iad a threorú.
Sa chéad chlár den dara sraith, ar TG4 oíche Déardaoin ag 9.30, tabharfaidh Cantillon, in éineacht le Séaghan Ó Súilleabháin agus Proinsias Ó Coinn, cuairt ar chathair ársa (ancient) na hAithne (Athens), áit a ndearna Cantillon cuaráin de ghliaire (gladiator sandals).
Tá an Aithin, príomhchathair na Gréige, ar cheann de na cathracha is sine ar domhan, le stair a mhair thar 3,400 bliain.
I measc na gclár eile sa tsraith tá cuardach ar Ollphéist Loch Ness in Albain, ‘Rabbit Show Jumping’ i Stócólm, cuardach ar dhaoine marbh i Vín (Vienna) agus eitilt thar Bhinn Ghulbain (Benbulben).
Dúirt Cantillon: ‘Braithim gurb í seo an tsraith is fearr go dtí seo. Chuamar go dtí roinnt cinn scríbe dochreidte. Fuair mé an deis na Gealáin Thuaidh (Northern Lights) a fheiceáil amuigh ar muir i Réicivíc. Bhí go leor chuimhneacháin GOA (LOL) againn.’
Is feirmeoir, múinteoir é Séaghan Ó Súilleabháin, as Ciarraí, agus ar ndóigh is Kerry Cowboy é ar na meáin shóisialta. D’inis sé dúinn beagán níos mó faoina bhfuil le bheith ag súil ar Téacs Taistil.
‘Bhí muid chomh hiomaíoch is a bhí riamh nuair a bhain sé leis na tascanna,’ a dúirt sé.
‘Bhí sé áisiúil meascán leathan scileanna a bheith agat – ó Válsa i Vín (waltzing in Vienna) go feirmeoireacht chaorach i Réicivíc.’
Is breá le Proinsias Ó Coinn, podchraoltóir agus iriseoir as Ard Mhacha Theas, a bheith ag taisteal an domhain agus dúirt sé: ‘Chuaigh muid go dtí cuid de na háiteanna is áille dá raibh mé riamh. Ó Dhinnéar Luí na Gréine sa Spéir (Sunset Dinner in the Sky) san Aithin go fíonghort (vineyards) na Sicile.
‘Tá na dúshláin níos fiáine, táimid chomh hiomaíoch agus a bhí riamh agus is dlúthchairde muid fós … bhuel uaireanta!’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.