‘Dark patterns’: Feall ar siopadóirí Éireannach ar líne agus tá siad in ‘debt’ leis sin

Tá siopadóirí Éireannach á mealladh chun rudaí nach dteastaíonn uathu a cheannach agus tá siad i bhfiacha (in debt) mar gheall air.

Seans freisin nach bhfuil an praghas is fearr á fháil acu ar a bhfuil á cheannach acu, dar leis an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí in Éirinn (European Consumer Centre Ireland).

Dúirt an Lárionad gur féidir le siopadóirí a mbíonn deacrachtaí acu agus iad ag siopadóireacht ar líne dul i dteagmháil leo, chun comhairle agus cúnamh a fháil.

Thug siad foláireamh freisin faoi ‘phatrúin dorcha’.

Online Shopping E Commerce 4 768x448 1

Thuairiscigh siad ‘patrúin dorcha’ (dark patterns).

Is éard is patrúin dorcha ann ná dearaí (design) speisialta nó gnéithe (features) a chuirtear d’aon ghnó ar shuímh ghréasáin siopadóireachta, chun siopadóirí a mhealladh chun rud a cheannach nó chun clárú le haghaidh seirbhíse nó síntiús nach dteastaíonn uathu.

D’fhéadfadh gur ‘pop-ups’ atá i gceist, a éilíonn ar úsáideoirí a seoladh ríomhphoist a sholáthar sular féidir leo dul isteach sa suíomh, nó ‘limited-time offer’ a chruthaíonn práinne.

Áirítear le patrúin dorcha:

Lascainí (discounts) bréagacha ar dhíolacháin speisialta, mar shampla ‘Black Friday’;

Cleachtais tráchtála mícheart le daoine ag fáil carr ar cíos;

athbhreithnithe bréagach ar líne;

téarmaí éagóracha (unfair) maidir le híocaíochtaí síntiúis;

éilimh ghlasú (greenwashing) bréagacha.

Anuraidh bhí muintir na hÉireann ar an tríú lucht siopadóireachta ar líne ba mhó san Eoraip, i ndiaidh na hÍsiltíre agus na Danmhairge.

online shopping delivewry6 768x448 1
Pic: Charles McQuillan/Getty Images

Tá an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí in Éirinn ag tabhairt foláirimh do shiopadóirí go bhfuil roinnt suíomhanna gréasáin siopadóireachta deartha chun custaiméirí a mhealladh  chun ceannacháin a dhéanamh nach dteastaíonn uathu, nó clárú le haghaidh seirbhísí a mbíonn sé deacair dóibh a chur ar ceal.

Insíonn roinnt suíomhanna do dhaoine go bhfuil táirgí gann nuair nach bhfuil siad, nó go bhfuil siad ar phraghas íseal ar feadh tréimhse áirithe agus go bhféadfadh siad a bheith caillte nuair a athraíonn praghsanna.

D’fhéadfadh go gcaillfidís amach freisin nuair a bhíonn orthu níos mó ná táirge amháin a cheannach, nó mura bhfuil polasaí ann a ligeann do shiopadóirí rud éigin a thabhairt ar ais murab é sin a bhí uathu.

Deir an Lárionad Eorpach gur aimsíodh i dtaighde an Choimisiúin Eorpaigh go mbaineann formhór na sáruithe ar chearta tomhaltóirí sa réimse digiteach le cleachtais tráchtála éagóracha, praghsáil éagórach agus téarmaí conartha éagóracha.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram