Cosnóidh earraí grósaera €1,200 sa bhreis ar theaghlaigh i mbliana

Cosnóidh earraí grósaera (groceries) €1,200 sa bhreis ar theaghlaigh i mbliana i mbliana, de réir figiúirí scanrúil nua.

Tagann sé seo sa bhreis ar an gcostas ard a bhaineann le teach a théamh (heating) agus rátaí úis (interest) ar mhorgáistí ag ardú.

D’ardaigh boilsciú praghsanna earraí grósaera arís le seachtainí beaga anuas, chomh mór le 16.8%, an méadú is airde riamh, de réir na cuideachta suirbhé Kantar.

Agus tháinig sé sin tar éis an ardú roimhe sin a bhí 16.4%.

earraí grósaera
D’ardaigh boilsciú praghsanna earraí grósaera arís le seachtainí beaga anuas, chomh mór le 16.8%, an méadú is airde riamh

Dúirt Kantar go léiríonn a fhigiúirí is déanaí go bhfuil méadú tagtha ar an méid a chaitear ar earraí grósaera, agus níl sé sin toisc go bhfuil níos mó earraí á gceannach ag daoine, is toisc go gcaithfidh siad níos mó a chaitheamh ar níos lú earraí grósaera.

Go deimhin, den chéad uair riamh tá níos mó earraí grósaera a bhranda féin (own brand)’ á ndíol ná earraí brandáilte (branded).

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
Imní faoi sholáthairtí drugaí ‘blood pressure’ tarrthála

Mar gheall ar na méaduithe ollmhóra tá Kantar tar éis rabhadh a thabhairt do theaghlaigh go mbeidh orthu a nósanna siopadóireachta a athrú nó go mbeidh siad ag íoc €1,211 sa bhreis ar an méid a íocann siad as earraí grósaera cheana féin.

‘Tá rogha déanta ag siopadóirí n ios mó siopadóireacht a dhéanamh ar bheagán earraí grósaera ag an am, chun cabhrú lena mbuiséid teaghlaigh a bhainistiú,’ a dúirt Emer Healy, Anailísí Miondíola Sinsearach (Senior Retail Analyst) ag Kantar.

earraí grósaera
Den chéad uair riamh tá níos mó earraí grósaera a bhranda féin (own brand)’ á ndíol ná earraí brandáilte (branded

Dúirt sí go bhfuil €119.6 milliún breise caite ag siopadóirí ar a gcuid earraí grósaera.

Ina theannta sin, tháinig méadú 13.5% ar earraí grósaera do bhranda féin agus níor tháinig méadú ach 6.2% ar earraí brandáilte mar go bhfuil siopadóirí ag lorg bealaí chun airgead a shábháil.

Is le Dunnes atá an sciar (share) is airde fós, i measc na miondíoltóirí (retailers) ar fad, ag 23.2%, le fás de 13.4% bliain ar bhliain. Dúirt Kantar go bhfuil a fhás mar thoradh ar shiopadóirí nua ag teacht chuig an siopa, suas 1.3%, agus siopadóirí ag filleadh ar an siopa níos minice, suas 4.7%.

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
Tá costas breosla ag titim ach ní le haghaidh
teaghlaigh atá fós ag íoc praghsanna ollmhóra

Coinníonn Tesco 22.1% den mhargadh le fás de 13.6% bliain ar bhliain, agus an fás minicíochta (frequency) is láidre i measc na miondíoltóirí go léir, suas 12.8%.

Coinníonn SuperValu 20.6% den mhargadh le fás 4.2%, agus déanann siopadóirí an méid is mó turais ann I gcomparáid le gach miondíoltóir eile, le meán de 21.7 turas thar an tréimhse 12 seachtaine, méadú de 12.1% bliain ar bhliain.

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
Ardú praghais eile. An ceann seo
don teilifís agus leathanbhanda le Sky

Tá sciar 13.3% ag Lidl agus fás 11.7% bliain ar bhliain acu. Chuir siopadóirí nua agus turais níos minice €25.2 milliún breise leis an bhfeidhmíocht iomlán.

Tá sciar 12.3% ag Aldi le fás de 9.1% bliain ar bhliain, ag fáiltiú roimh borradh faoi shiopadóirí nua agus turais níos minice, rud a chuir €40.1 milliún breise leis an bhfeidhmíocht iomlán.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram