Brolly agus Dunphy ar thaobhanna difriúla san aighneas faoi Lineker

Tá Eamon Dunphy agus Joe Brolly ag glacadh taobhanna difriúil san aighneas faoi Gary Lineker agus an BBC.

Joe Brolly 4lineker feat 768x448 1

Is iad beirt na tráchtairí spóirt is mó cainte in Éirinn a léiríonn tuairimí polaitiúla láidre go rialta.

Mar sin féin tá an tráchtaire CLG Joe Brolly ag taobhú leis an tráchtaire teilifíse agus laoch peile Shasana, agus tá cáineadh déanta ag Eamon Dunphy air.

NÍOS MÓ FAOIN SCÉAL SEO CLIC ANSEO: Seónna spóirt móra an BBC ar ceal agus daoine mór le rá ag tacú le Lineker agus ‘saoirse cainte’

Cuireadh Lineker faoi bhrú tar éis dó tweet a chur amach ag cáineadh polasaí inimirce nua rialtas na Breataine.

Dúirt sé, ‘Good heavens, this is beyond awful’. Dúirt sé gor raibh an polasaí ‘cruálach’ agus dúirt sé: ‘Níl anseo ach polasaí fíor-cruálach atá dírithe ar na daoine is leochailí, i dteanga nach bhfuil neamhchosúil leis an teanga a d’úsáid an Ghearmáin sna ‘30idí. Agus is mise atá as ord?’

dunphy3
Eamon Dunphy

Mar thoradh ar sin bhí airí rialtais na Breataine ag gearán faoi Lineker agus mheas an BBC gur sárú ar a threoirlínte é Lineker ag labhairt amach; agus bhí ar ‘seasamh ar ais’ ó Match of the Day.

Mhaígh Dunphy – a d’oibrigh mar thráchtaire sacair ar RTÉ ar feadh na mblianta agus é ag scríobh píosa tráchta polaitíochta don Sunday Independent – go raibh tuairimí Lineker ‘attention-seeking’ agus ‘outrageous’.

Joe Brolly 5
Joe Brolly Pic: Gareth Chaney Collins

Dúirt sé gur laghdaigh siad ‘an fíor-uafás a chuaigh na Giúdaigh tríd’ le linn réimeas na Naitsithe.

De réir an Irish Mirror, mhaígh Dunphy: ‘Níl aon dabht ach go bhfuil rialtas Thoraí “loathsome”.’

Ach dúirt sé freisin: ‘Níl sé ceart de Gary Lineker an chomparáid sin a dhéanamh mar laghdaíonn sé an t-uafás dáiríre faoin méid a chuaigh na Giúdaigh tríd ag lámha na Naitsithe.’

NÍOS MÓ FAOIN SCÉAL SEO CLIC ANSEO: Seasann Joe Brolly le Gary Lineker atá faoi bhrú ó Airí na Breataine tar éis dó a bpolasaí imirce a cháineadh

Mar sin féin, rinne Brolly comparáid idir an mbealach ar moladh Lineker as Catar a cáineadh le linn Chorn an Domhain agus an mbealach ar cáineadh é as a rialtas féin a cháineadh.

lineker0 1
Gary Lineker

Scríobh sé go raibh sé ceart go leor do Gary Lineker tuairimí a chur in iúl faoi Catar le linn Corn an Domhain.

‘Más rud é, áfach, go seasann sé ar son cearta daonna ina thír féin ba cheart dó “fanacht as an bpolaitíocht”.

‘Ní bhíonn Saoirse cainte saor ach amháin má aontaíonn tú leis na Tories.’

Mar sin féin, dúirt Dunphy níos déanaí gur cheart don BBC ‘back off rapidly’ mar gheall ar an tacaíocht a fuair Lineker.

Dúirt sé leis an Sunday Independent: ‘Sílim gurb é an rud ar cheart don BBC a bheith buartha faoi ná dlúthpháirtíocht daoine eile a bhfuil aithne acu agus a oibríonn le Lineker.

‘Is iontach an dlúthpháirtíocht a léirigh siad. Is é fírinne an scéil go raibh aschur sacair iomlán an BBC inné imithe ar an aer – gach giota de – na torthaí, gach rud, ní raibh aon duine sásta oibriú.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram