Seónna spóirt móra an BBC ar ceal agus daoine mór le rá ag tacú le Lineker agus ‘saoirse cainte’

11/03/2023

Mar thoradh ar an mbrú ar Gary Lineker ‘céim siar’ a ghlacadh ó léiriú Match of the Day ar BBC tá roinnt clár mór sacair de chuid an BBC curtha ar ceal nó gearrtha siar.

BBC Alex Scott5
Alex Scott

Cuireadh an laoch peile Shasana agus láithreoir móréilimh faoi bhrú tar éis dó tweet a eisiúint ag cáineadh polasaí inimirce nua rialtas na Breataine.

Chuir sé an tweet amach faoi físeán le Rúnaí Baile (Home Secretary) na Breataine Suella Braveman ag déanamh bród faoi phleananna a rialtais stop a chur le báid imirceach ag teitheadh go dtí an Bhreatain.

Dúirt Lineker, ‘Good heavens, this is beyond awful’. Dúirt sé gor raibh an polasaí ‘cruálach’ agus dúirt sé: ‘Níl anseo ach polasaí fíor-cruálach atá dírithe ar na daoine is leochailí, i dteanga nach bhfuil neamhchosúil leis an teanga a d’úsáid an Ghearmáin sna ‘30idí. Agus is mise atá as ord?’

lineker0 1
Gary Lineker

Ina dhiaidh sin chuir an tAire Braveman brú ar an BBC ag maíomh go raibh an polasaí nasctha ag Lineker leis an Uileloscadh (Holocaust) agus rinne an tAire Cultúir Lucy Frazer gearán faoi Lineker freisin.

Mheas an BBC ansin gur sárú ar a threoirlínte iad a chuid tuairimí faoin bpolasaí inimirce.

Ach ansoi cuireadh cláir 5 Live Sport, Football Focus agus Final Score ar ceal gearrú siar Match of the Day.

BBC sport 2 1
Kelly Somers (ar clé) agus Alex Scott Pic: Jean Catuffe/Getty Images

Chinn láithreoirí agus ainmneacha móra baghcat a dhéanamh ar an BBC i ndlúthpháirtíocht le Lineker, lena n-áirítear iar-pheileadóirí Shasana agus rialta Match of the Day  Alan Shearer agus Ian Wright, agus láithreoir peile BBC agus iar-imreoir Shasana Alex Scott.

Tá an BBC cáinte ag a iar-Ard-Stiúrthóir Greg Dyke, a dúirt leis an gclár Today ar BBC 4 gur botún é cinneadh an BBC.

alan shearer194
Alan Shearer

Dúirt sé , de gnáth go mbeidh fostaithe nuachta agus cúrsaí reatha neamhchlaonta sa BBC seachas gach duine eile.

Dúirt sé: ‘Má thosaíonn tú ag cur rialacha na nuachta agus cúrsaí reatha i bhfeidhm ar gach duine a oibríonn don BBC, cén áit an mbeidh an toradh le sin?’

Joe Brolly 4lineker feat 768x448 1

NÍOS MÓ FAOIN
SCÉAL SEO CLIC
ANSEO: Seasann Joe
Brolly le Gary Lineker
atá faoi bhrú ó
Airí na Breataine tar éis
dó a bpolasaí imirce
a cháineadh

Tá an colúnaí CLG Joe Brolly tar éis labhairt amach ar son Lineker cheana féin.

Ag postáil pictiúr d’alt, ó mhí na Samhna seo caite, a léiríonn cáineadh Lineker ar Catar roimh Chorn an Domhain, rinne Brolly comparáid idir an fhreagairt do cháineadh Lineker ar réimeas Catar agus an fhreagairt ar a cháineadh ar rialtas na Breataine.

NÓTA ÓN EAGARTHÓIR: Tá Seachtain na Gaeilge fós ar siúl agus beidh sí go dtí Lá Fhéile Padraig.

Le sin beidh muidne in ExtraG.ie ag ceiliúradh le scéalta faoi na heachtraí atá ar siúl, le Gaeilge simplí do dhaoine atá líofa agus daoine le ‘school Irish’.

Beidh an nuacht is déanaí i nGaeilge simplí ar fáil gach lá ar ExtraG.ie, ní amháin do Sheachtain na Gaeilge, ach amach anseo.

Tá sé ar fáil gach lá, gach áit ar fón, ríomhaire, táibléad agus ‘laptop’.

Bain triall as!

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram