

Tá Cumann Peile Shasana (FA) i dteagmháil le FIFA tar éis dá bhfoireann an pháirc imeartha a fhágáil, i ndiaidh líomhaintí gur bhain imreoir ó Phoblacht na hÉireann mí-úsáid chiníoch as ceann dá n-imreoirí le linn Chorn Domhanda FIFA faoi 15 san Asarbaiseáin.
Tharla an eachtra i gcéimeanna deireanacha an chluiche 40 nóiméad, a bhí á imirt idir foirne ochtar an taobh; bhí Éire chun tosaigh 4-1, agus réalta Shamrock Rovers, Harry Rehill, tar éis na ceithre chúl a scóráil, agus na ‘Buachaillí i nGlas’ ar an mbóthar i dtreo bua stairiúil.
Áfach, tar éis gur bronnadh cic saor ar Shasana sna nóiméid dheireanacha, phléasc achrann amach ar shiúl ón liathróid idir imreoirí ón dá thaobh, agus líomhain imreoir Sasanach go ndúirt imreoir Éireannach leis gur ‘mhoncaí’ a bhí ann.

Shiúil scuad Shasana den pháirc, agus cuireadh deireadh leis an gcluiche; bronnadh an bua 4-1 ar Éirinn go sealadach dá bharr.
Thuairiscigh an FA an eachtra do FIFA, agus dúirt urlabhraí thar ceann eagraitheoirí an chomórtais: ‘Tá FIFA ar an eolas faoi eachtra a tharla ag cluiche i gCorn Domhanda agus Féile FIFA faoi 15 idir Sasana agus Poblacht na hÉireann.’
Chuir an réiteoir deireadh leis an gcluiche tar éis don fhoireann Shasanach diúltú leanúint ar aghaidh. Tá na tuairiscí oifigiúla á mbailiú, agus cuirfear an scéal faoi bhráid an Choiste Araíonachta neamhspleách, a dhéanfaidh cinneadh tráth cuí.

Tar éis teagmháil a dhéanamh leo ag lorg nóta tráchta, dúirt an FAI nach ndéanfadh siad ráiteas go dtí go mbeadh sonraí thuairisc an réiteora feicthe acu.
I bhfíseán de thaifeadadh fuaime a cuireadh ar Reddit, is cosúil go bhfuil cóitseálaí nó ionadaí Éireannach ag caint le hoifigeach, á rá gur thug an t-imreoir Éireannach i gceist ‘muppet’ ar a chomhghleacaí Sasanach, agus gur athraigh an t-imreoir Sasanach uimhir an imreora a raibh sé ag cur cúis ina leith trí huaire.
Tar éis na conspóide, d’imir foireann faoi 15 na hÉireann cluiche eile níos déanaí an lá céanna; bhuaigh siad ar an gCambóid 4-1, bua a tháinig i ndiaidh teacht ar ais sa dara leath inar scóráil Conor Hudson faoi dhó, agus ina dhiaidh sin scóráil Nathan Power agus Harry Rehill, rud a d’fhág gur chríochnaigh Éire céim na ngrúpaí gan chluiche a chailleadh.
Tabharfaidh siad aghaidh ar an mBrasaíl anois sa bhabhta de 32 maidin Dé Céadaoin.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.