Rinne Joe Brolly ionsaí láidir ar Mickey Harte – ag cáineadh bainisteoir Dhoire as ‘an milleán a chur ar na himreoirí’ mar gheall ar theipeanna na foirne le déanaí.
Chuaigh Brolly níos faide agus dúirt go raibh Harte ‘i gcroílár an mheath (decay)’ i bhfoireann Dhoire.
Theip ar Dhoire an dara cluiche a bhuachan i gcéimeanna na ngrúpaí Chraobh na hÉireann nuair a chaill siad in aghaidh Ard Mhacha Dé Domhnaigh.
Bhuaigh foireann Kieran McGeeney an cluiche sin le 11 phointe.
Buille mór do Dhoire agus do Mickey Harte a bhí sa bhua sin ag Ard Mhacha, go háirithe tar éis do Dhoire éirí chomh maith sin níos luaithe sa bhliain.
Is foireann iad Doire freisin a raibh ag éirí go maith leo sular tháinig Harte chun seilbh a ghlacadh mar bhainisteoir.
Mura mbuafaidh Doire in aghaidh na hIarmhí ina gcluiche i gceann coicíse, beidh an chuma ar an scéal nach mbeidh deis acu iarracht a dhéanamh dul sa tóir ar Chorn Sam Mhic Uidhir (Sam Maguire) i mbliana.
Má chailleann siad in aghaidh foireann Dessie Dolan, beidh ar Dhoire réamhchluiche ceathrú ceannais (preliminary quarter-final) a bhuachan chun na hocht bhfoireann dheireanacha sa chraobh a bhaint amach.
Mar sin féin, is cosúil go bhfuil an fhoireann tuirseach agus nach bhfuil siad réidh chun aon chluichí breise a imirt.
Tar éis an chaillteanais in aghaidh Ard Mhacha, d’admhaigh Harte nach raibh sé in ann a mhíniú cén fáth ar imir a fhoireann chomh dona sin – sular thug sé le tuiscint go bhféadfadh gur ceist ‘síceolaíoch (psycological)’ a bhí ann.
Dúirt sé: ‘Ní síceolaí mé, ach tá cuma [síceolaíoch] air, ar ndóigh.
‘Ní féidir leat an leibhéal peile a d’imir ár mbuachaillí ar 31 Márta nó pé am a bhí ann [cluiche ceannais na sraithe] a imirt, agus ansin do chéad trí cluiche eile a bheith mar a bhí siad.
‘Ní dhéanann sé ciall, ach amháin má tá fadhb mheabhrach (mental problem) ann … b’fhéidir go bhfuil tuirse orthu, b’fhéidir go bhfuil sé mar gheall ar teacht síos as a bheith chomh hard sin leis an tsraith a bhuachan.’
Ach ar X, níor ghlac Brolly le héilimh Harte, agus é ag cáineadh iarbhainisteoir Thír Eoghain as an milleán a chur ar imreoirí Dhoire.
Dúirt Brolly: ‘Mickey Harte ag cur an milleán ar imreoirí Dhoire agus ní ar a straitéis thubaisteach chúl báire/imreoir lár páirce, ag brú suas gan aon chosaint, ag ligean isteach 9 gcúil uafásach i 3 chluiche.’
Dúirt sé: ‘Is í an fhírinne gurb é Mickey Harte an lobhadh (rot) atá i gcroílár ár meatha (decay).’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.