Tá ganntanas gardaí ar na sráideanna agus tá beagnach triúr as gach cúigear níos buartha faoi choireacht (crime) ina gceantar áitiúil ná mar a bhí cúpla bliain ó shin, dar le pobalbhreith (poll) Amárach Research don Irish Daily Mail.
Agus léiríonn figiúirí nua atá foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) gur tháinig ardú 26% ar an ráta robálacha (robbery), sracadh (extortion) agus fuadach (kidnapping) in Éirinn le bliain anuas, agus go raibh ardú 12% ar na gadaithe (thefts).
Bhí breis agus 74,000 teagmhas gadaíochta i 2023, agus tharla beagnach leath de na coireanna seo i siopaí.
Agus thug Cumann Sáirsintí agus Cigirí an Gharda Síochána (Association of Garda Sergeants & Inspectors, AGSI) foláireamh go bhfuil leibhéal na hoibre riaracháin (administration) ag ‘tabhairt na ngardaí as na sráideanna’.
Dúirt Leas-Ardrúnaí an AGSI, Rory Clogher, go bhfuil an iomarca obair riaracháin i gceist le mionchoireacht (minor crimes), mar shampla buidéal Lucozade a ghoid ó shiopa.
Roimhe seo d’fhéadfaí déileáil le sin taobh istigh de dhá uair an chloig, ach ní mar sin atá sé anois.
I bpobalbhreith an Irish Daily Mail/Amárach Research, deir 57% den phobal go bhfuil siad níos buartha faoin gcoireacht ná mar a bhí cúpla bliain ó shin. D’aontaigh níos mó ná dhá chúigiú (41%) nach dtéann siad amach chomh minic anois mar gheall ar imní shábháilteachta (safety).
Dúirt 42% eile nach mbíonn siopadóireacht a dhéanamh acu ach i solas an lae, ag ardú go 45% i mBaile Átha Cliath.
Dúirt breis agus trian (34%) gur fearr leo anois dul i mbun sóisialaithe le cairde i rith an ama an lae, seachas um thráthnóna mar gheall ar imní faoina sábháilteacht.
Dúirt 32% eile gur fearr leo anois bualadh le daoine sa bhaile seachas dul amach.
Ag comhdháil an AGSI ,i gCathair na Mart (Westport), Co. Mhaigh Eo, dúirt gardaí go bhfuil riaracháin, nach bhfuil gá leo, ag cur isteach ar an obair agus go bhfuil eagla orthu go bhfuil sé seo ag cur leis an easpa muinín atá ag an pobal as na gardaí as a gcuid oibre a dhéanamh.
Dúirt Leas-Ardrúnaí AGSI, Rory Clogher, go bhfuil 18,000 ball den Gharda Síochána ag teastáil chun an obair a dhéanamh go héifeachtach, agus gan ach 14,000 i bhfeidhm faoi láthair.
Dúirt sé: ‘Tá athrú mór tagtha ar an nGarda Síochána le roinnt blianta anuas. Ar cheann de na tionscnaimh a tugadh isteach bhí an córas bainistíochta imscrúdaithe.
‘Taifeadadh na coireanna go léir ar an gcóras seo anois agus gineann sé poist, a ghineann obair do chomhaltaí an Gharda Síochána, agus obair do sháirsintí agus maoirseoirí (supervisors) a mbíonn orthu post a sheiceáil – obair nach bhfuil gá léi ar fad dar linn.
‘Tá sé ag cur gardaí as na sráideanna. Ualach riaracháin ollmhór atá ann.’
Dúirt an tUasal Clogher go gciallaíonn sé go bhfuil méid an-mhór oibre á déanamh anois ar mhionchoireanna (minor crimes) ar nós buidéal Lucozade a ghoid ó shiopa.
Roimhe seo, a dúirt sé, go bhféadfaí déileáil le cionta dá leithéid laistigh de dhá uair an chloig ‘agus beidh na gardaí ar ais ar na sráideanna’.
Dúirt sé freisin go bhfuil na gardaí ag taifeadadh faisnéise ríomhaireachta an t-am ar fad in ionad a bheith amuigh ar na sráideanna
‘Tá na siopadóirí ag iarraidh gardaí amach os comhair a gcuid siopaí… Caithfimid dul ar ais go dtí na bunghnéithe seo, amach ar na sráideanna ag bualadh leis an bpobal.
‘Má fhéachann tú ar an Bhreatain, tá an Bhreatain iompaithe anois ina fórsa póilíneachta frithghníomhach (reactive) seachas ina fórsa póilíneachta réamhghníomhach (proactive).
‘Bhí na gardaí i gcónaí ina bhfórsa póilíneachta réamhghníomhach le 100 bliain anuas sa tír seo. Agus caithfimid an múnla sin a choinneáil agus dul ar ais chuige mar tá sé ag sleamhnú uainn.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.